Gobnait.— Cad a dhéin Seághan ansan, a Pheig?
Peig.— Chómh luath agus bhí caoi aige air, do bhuail sé soir chun tíghe an tsagairt.
“Seadh, a Athair,” ar seisean, “táim níos daille anois ar an sgeul ’ná bhíos riamh.”
“Conus é sin?” arsa ’n sagart.
“Pé rud adúbhairt sé le Máire an lá bhí sé thiar, níor thrácht sé léi ar cheangal ná ar gheallamhaint phósta.”
Ar éigin a bhí an focal as a bheul nuair d’airigheadar coiscéim ag déanamh ar an ndorus. Do bhuail chúca isteach— Diarmuid Liath féin!
“Dé bheatha-sa, a Dhiarmuid!” arsa ’n sagart.
“Go mairir, a Athair!” arsa Diarmuid. “Conus táir, a Sheághain?”
“Go maith, slán a bhéir!” arsa Seághan.
Dhéineadar raint cainte, caint ná raibh puínn suime ag aoinne acu inti.
Fé dheire dúbhairt Diarmuid, “Dá mb’é do thoil é, a Athair,” ar seisean, “d’oirfeadh dhom beagán cainte dhéanamh leat.”
“Ar mhisde leat-sa fanamhaint anso tamaillín, a Sheághain?” arsa ’n sagart.
“Tá go maith, a Athair,” arsa Seághan. “Ná bacaidh mise.”
D’imthigheadar isteach i seómra eile.
D’imthigh tamaillín, agus d’imthigh tamall mór ’na dhiaigh. Fé dheire d’imthigh Diarmuid agus d’fhill an sagart. Isé a bhí ag feuchaint go greannmhar.
“Seadh, a Sheághain,” ar seisean, “tá do cheist-se réidhtighthe, pé i n-Éirinn é.”
“Conus é sin, a Athair?” ar seisean.