Page:Seadna.djvu/138

This page has been validated.
134
SÉADNA

bhí gach aoinne ag ruith agus gach aoinne ag liúighrigh, ach má bhí, níor rith Séadna, ná níor liúigh sé.

Ní túisge a bhí an rás í leath-taoibh ’ná d’éirigh troid idir bheirt tíncéirí mar gheall ar cheannrach asail. Do phreab tíncéir ba threise ná aoinne acu eatortha isteach. Do chuir sé ó chéile iad agus do thóg sé féin an cheannrach.

Le n-a linn sin d’airigh Séadna na daoine ’na thímpal ag cogarnaigh.

“Feuch! feuch! feuch!” ar siad. D’fheuch sé sa treó i n-a rabhadar-san ag feuchaint. Cé chífeadh sé ag gabháil anuas lár páirce an aonaigh, agus an t-aonach ag déanamh slíghe dhóibh, ach an bheirt— Sadhbh agus an duine uasal iasachta!

Bhí culaith chraoidhearg ar dearg-lasadh ar Shadhbh, ó mhullach talamh. Bhí culaith éadaigh uasail air-sean, agus isé a bhí go piocaithe bearrtha, go cúmtha córach cothuighthe cumasach deagh-chroicinn. Do leath a shúile glan ar Shéadna nuair a thánadar ’na chómhgar. B’é an duine uasal céadna é ar ar eitigh sé an t-airgead agus ar ar thug sé “cladhaire díomhaoin”!

Ní fheidir sé ó thalamh an domhain cad ba mhaith dhó a rádh ná a dhéanamh. Níor dhéin sé ach stad mar a raibh aige agus éisteacht. Do bhuaileadar thairis, an pháirc síos, i ngoireacht trí ráinní dhó, gan feuchaint air, gan é thabhairt fé ndeara ach chómh beag agus dá mba ná béadh sé ann i n-aon chor. Do bhuaileadar suas ar an dtaobh eile de’n pháirc, na daoine ag osgailt na slíghe rómpa agus ansan ag síneadh na méar fútha, agus ag crothadh a gceann, agus ag dul ins na tríthíbh. Nuair a chonaic an tíncéir mór iad do stad sé ag feuchaint ortha, agus srian a asail ar a chuislinn aige. Nuair a bhíodar imthighthe thairis d’éaluigh sé ’na ndiaigh agus tharaing sé an tsrian ortha fé mar a bhéadh sé chun a mbuailte, ach