“Cá bhfios duit ná fuil bean cheana ag an nduine uasal san?”
“Sin é díreach adúbhairt an sagart aréir nuair a bhíos ag caint leis. Ach dúbhart-sa leis ná raibh uaim ach cead dh’fhághail uaidh do shagart éigin sa bhaile mhór chun iad a phósadh. Gan amhras, ní iarfadh sé an cead san dá mbéadh sé pósta agus bean cheana sa bhaile mhór aige.”
“Tuigim,” arsa Séadna. “Cé dhein an cleamhnas?”
“Is amhlaidh a bhíodar ag magadh agus ag caitheamh aimsire dhóibh féin an chéad oídhche. Gach aoinne acu ’ghá áiteamh ar an gcuid eile gur thúisge a phósfadh Sadhbh é féin ’ná aoinne dhíobh-san.—‘Cuirimís ar chrannaibh é,’ arsa duine acu.—‘B’fhéidir ná tógfadh sí an t-é go dtuitfeadh an crann air,’ arsa duine eile acu. Chuireadar chuici an cheist.—‘Tógfad,’ ar sise, ‘má thuitean an crann ar an bhfear a thaithnfidh liom.’ Fuaradar go léir ana shult sa méid sin. Do cuireadh ar chrannaibh é, agus do thuit an crann ar an bhfear a chonaicís le n-a cois ó chianaibh. Cheapamar uile ná raibh ann ach magadh, ach am briathar gur ghlac seisean de chroídhe dháiríríbh é. Nuair a mheas Sadhbh tarang as, ‘Ambasa, a ’nghean ó,’ ar seisean, ‘ní dhéanfaidh san an gnó dhuit. Dúbhraís go dtógfá an t-é air go dtuitfeadh an crann, dá dtuitfeadh an crann ar an bhfear a thaithnfeadh leat. Tóg mé anois, nó abair ná taithnim leat.’ B’é deire an aighnis é gur déineadh an cleamhnas.”
“Ar ceannuigheadh puínn capall do’n rígh?” arsa Séadna.
“An oídhche a thánadar,” arsa Diarmuid, “thugadar dhom, le cur i gcoimeád, bosca mór iarainn agus é lán go bara d’ór bhuídhe. Bhí muirighean mo dhá lámh ann. Ar maidin indiu do líonadar a bpócaí as, ag