Page:Seadna.djvu/141

This page has been validated.
137
SÉADNA

gabháil amach dóibh. Nuair a bhíodh raint capall ceannuighthe acu agus díolta asta, agus iad féin agus a ngiollaí curtha ar bóthar acu, d’fhillidís agus bheiridís tuille de’n ór leó, agus cheannuighdís tuille. Fé dheire bhí an bosca folamh. Nuair a bhíodar ag díol as an raint déanach, bhí trí chéad púnt i n-easnamh ortha. Ní raibh sé oireamhnach agam-sa, ach bhí sé ag Sadhbh, agus thug sí dhóibh é ar iasacht go dtí go mbeidís go léir i bhfochair a chéile sa bhaile mhór.”

“A Mhichíl,” arsa Séadna, “glaoidh ar an mbáille chúgam. Tá sé ar an aonach.”

“Siné thuas é,” arsa Micil, “ag caint le Seághan Bolg ua Dála. Beidh sé anuas chúgat láithreach agam.”

Tháinig an báille.

“An ’mó fear agat?” arsa Séadna.

“Ní’l ach fear agus fiche,” arsa an báille.

“Cruinnigh iad láithreach tímpal tíghe Dhiarmud’ Léith,” arsa Séadna. Tá ceathrar bitheamhnach ann agus tá an t-aonach creachta acu.”

Chuir an báille fead as agus phreab sé chun siúbhail. Is beag ná gur thuit Diarmuid.

“Is fearra dhuit gan dul fé dhéin an tíghe go fóil,” arsa Séadna. “Ní’l siad súd gan arm faobhair, agus má théidhean an sgéal dian ortha béidh fuil acu. Fág fé Chormac iad. Tá cleas ar an mbata draighin úd aige a bhain fear láidir d’á bhonnaibh go minic.”

“Cá bhfios duit an bitheamhnaigh iad?” arsa Diarmuid.

“Sean-aithne bheith agam ar dhuine acu. An fear úd a bhí le Sadhbh ag siúl an aonaigh ó chianaibh, tháinig sé ag lorg airgid ar iasacht chúgam tá raint bliaghanta ó shin ann. Nuair a eitigheas an t-airgead air, dúbhairt sé go raibh ocras air. Níor chreideas focal uaidh, agus bhí a fhios aige nár chreideas. Do leig sé air ó chianaibh