ceannuigheadh de chapaillibh indiu, agus go bhfuil an dúthaigh creachta. Siné atá ar siúbhal agam.”
D’iompuigh sí uaidh. Thugadar fé ndeara a cosa ag imtheacht uaithi. Do rug a h-athair idir a dhá láimh uirthi. Mura mbéadh san do bhí sí ar an úrlár acu ’na cnaipe.
Síle.— An cailín bocht! Trí chéad punt imthighthe! Ba mhór a’ sgrupal é!
Nóra.— Ar chuaidh sí i laige, a Pheig?
Peig.— Am briathar gur chuaidh, agus go raibh a h-athair tamall maith ag greadadh a bas agus ag caitheamh uisge uirthi sul a dtáinig sí chuici féin. Agus nuair a tháinig, isé céad fhocal a labhair sí, “Airiú, greadadh chúgat!” ar sise, “cad is gádh dhuit mé bhasgadh agus mé bháth? Cad dob’ áil leat-sa anso?” ar sise le Séadna. “Imthigh leat abhaile,” ar sise. “Ní’l aon ghnó anso agat.”
Níor leig seisean air gur labhair sí.
“Tá eagla orm,” ar seisean le Diarmuid, “má beirtear orthu, gurb olc a raghaid siad as. Tá fearg ar Chormac. Is dóigh liom nach foláir nó go bhfuil rud éigin fóghanta beirthe uaidh acu. Ní fheaca riamh ag dul chun gnótha é le h-oiread binibe. Bhí sórt eagla ar a ghárda féin roimis. Geallaim dhuit gurab iad a bhí go tugtha agus go h-ollamh agus go h-imghníomhach, agus nach baoghal gur thug aoinne acu gach-re-seadh dhó. Ní bhéinn i gcás an fhir mhóir úd ar rud ná déarfainn, má tagtar suas leis.”
“Níor bhuail a leithéid de mhí-ádh riamh mé,” arsa Diarmuid. “Ar an áit seo do rugadh agus do tógadh mé, agus m’athair rómham, agus mo shean-athair. Ní raibh luach feóirlinge riamh le cur am’ leith, ná i leith aoinne des na seacht sínsearaibh a tháinig rómham. Ó! Ó! Ó! A bheith de chrann agus de phláinéid orm iad a