Page:Seadna.djvu/149

This page has been validated.
145
SÉADNA

nár bh’ iongnadh, go raibh sé chómh maith agam mo tharang do bheith agam as ó tharla an chaoi agam. D’iaras trí fichid. Fuaras é láithreach. Lán mo phóca de phláitíníbh luadha! Táim creachta acu! Mo bhramach breágh calma gur chaitheas an bhliaghain ’ghá chothúghadh! Mura mbéadh mé ’ghá bhfeiscint ag déanamh chómh dána ar thigh Dhiarmuda Léith ní bhuailfidís an bob san orm.”

“Siní an chaint!” arsa duine eile, agus fearg ’na ghlór. “Do buaileadh an bob céadna orm-sa, agus mura mbéadh Diarmuid Liath agus Sadhbh ní buailfí!”

“Tuille ’n donas chun Diarmuda,” arsa Séadna, “nár fheuch roimis. D’fhágadar beó bocht é féin agus Sadhbh.” Agus d’inis sé dhóibh tríd síos, ó thusach go deire, an sgéal, díreach fé mar thuit sé amach.

“Is é crích an sgéil é,” ar seisean, “go bhfuil eagal orm go n-eirgheóchaidh a chroídhe ar Dhiarmuid mura bhfuil eirighthe cheana aige air, agus go n-imtheóchaidh Sadhbh bhocht le craobhachaibh. Trí chéad púnt imthighthe! Ar chnuasaigh an bheirt riamh! Ní cuimhin liom a leithéid de sgrios. Ní fheadar ó thalamh an domhain cad dhéanfaid siad.”

“Dar fiadh!” arsa fear an bhramaigh, “d’á olcas atá an sgéal againne is measa acu-san é. Mura mbéadh tú ’ghá rádh ní chreidfinn focal dé. Ach dar ndóich ní foláir go bhfuil an fhírinne agat. Cad eile bhéarfadh amach í ’na gaosadán siúbhal an aonaigh leis agus an clóca dearg úd uirthi, ach gur cheap sí lom dáiríribh go raibh an cleamhnas déanta?”

“Ins an mbaile mór iseadh bhí an pósadh le déanamh,” arsa ’n tíncéir mór. “Ní dhéanfadh aon áit ba chómhgaraíghe an gnó. Ologón ó! Is fada mé ar an saoghal agus is ’mó bob glic do buaileadh orm le m’ ré, ach a leithéid sin de bhob ní fheaca riamh fós d’á bhualadh go dtí indiu, agus ní dócha go bhfeicfead airís.”

K