Page:Seadna.djvu/150

This page has been validated.
146
SÉADNA

“Ciacu is mó na bobana a buaileadh ort nó na bobana a bhuailis?” arsa fear an bhramaigh.

“Fágaim le h-uadhacht,” arsa ’n tíncéir, “nach cuimhin liom gur bhuaileas aon bhob ar aoinne riamh. Ní cuimhin go deimhin.”

Dúbhairt sé an chaint chómh leanbaídhe sin gur sgairt a raibh láithreach ar gháirídhibh. D’airigh Sadhbh na gáirídhe agus má airigh cheap sí do phreib gur fúithi féin a bhí an magadh, óir bhí sí d’éis cainte Shéadna do chloistin agus é ag innsint chúrsaí an chleamhnais. Bhí náire agus fearg a dóithin uirthi an fhaid a bhí sí ag éisteacht leis, ach nuair airigh sí an sgairteadh gáire ó n-a raibh ar an mbóthar d’eirigh sí ar buile. Siúd amach í agus dhírigh sí ortha. Thug sí aghaidh na muc a’s na madraí ar Shéadna airís mar nár labhair sé i n-am, sul a raibh a cuid airgid imthighthe ag an “Síogaídhe” úd. Ansan thug sí aghaidh na muc a’s na madraí ar an dtíncéir, mar gheall ar bheith ag magadh fúithi.

“A phlubaire na gcorcán mbriste,” ar sise, “níor tháinig sé chun baile dhuit féin ná d’aoinne a bhain leat ins na seacht sínsearaibh a rádh go mbeitheá ag magadh fúm-sa.” Ansan do thug sí aghaidh ar fhear an bhramaigh mar do sgairt sé ar gháirídhibh nuair chonaic sé an oíde a tugadh ar an dtíncéir. “Is ró bheag an sgéal,” ar sise, “é dh’ imtheacht ortsa mar dh’ imthigh, agus dá n-imthigheadh sé níosa seacht measa ort. B’fhuirisde dhuit a aithint, nuair taraingeadh trí fichid púnt duit ar do bhraimín giobalach, gorta, droich-mhianaigh, nár dhuine macánta tharaing riamh air a leithéid d’ airgead. Ní raibh leigheas agat air. Bhí an tsaint ró láidir istigh ad’ chroídhe. Trí fichid púnt ar stuthairín bramaigh gan crot air, gan blúire foluígheachta ann, ach oiread le sean chaora! Greadadh chúgat, a spreallairín! Murab ort atá an chaint!”