Page:Seadna.djvu/151

This page has been validated.
147
SÉADNA

“Éist, a Shadhbh!” arsa fear an bhramaigh. “Ná bíodh ceist ort. Tá sé buailte isteach am’ aigne, agus a raibh de dhaoinibh gan chiall ar an aonach so indiu, nach foláir nó is ró ghearr go bhfaghfar i mball éigin ar a measg amadán do phósfaidh gan spré thú.”

Airiú, do léim sí as a corp, agus sul a raibh a fhios aige cad a bhí chuige bhí an dá láimh go daingean aici ’na chuid féasóige agus í ’ghá stathadh. Do stath sí anonn é agus do stath sí anall é. Chuir sé a trí nó a ceathair de bhéiceanaibh as, mar chuirfeadh gamhain bolláin le linn na sgéine do chur ar a sgórnaigh. Níor bhuail sé í, cé gur mhór an fhoidhne aige é. Chuir sé an dá láimh léi agus do chaith sé uaidh amach í agus do rith sé leis féin. Ní folamh a thug sise na méireana léi. Ba dhóich leat go dtuitfeadh an t-anam tur teith as a raibh láithreach nuair chonacadar an folathachtadh a fuair fear an bhramaigh agus nuair a chonacadar an fhéasóg ar mhéireanaibh Shadhbh.

Le n-a linn sin bhí na daoine ag filleadh níos líonmhaire ó leanmhaint na mbitheamhnach. Fé mar thigidís bhíodh gach aoinne acu ’ghá fhiafraighe cad fé ndeár an sult nó cad a bhí ar siúbhal. Ba ghearr gur chuireadar a ndeacraí féin as a gceann agus gur luigh an chaint agus an trácht agus an cómhrádh go léir ar an matalong a bhí imthighthe ar Shadhbh agus ar Dhiarmuid Liath.

Síle.— Go deimhin, a Pheig, is dócha mura mbéadh san go n-imtheóchadh ortha mar adúbhairt Diarmuid féin, go marbhóchaí iad nó go loisgfí sa tigh iad ’na mbeathaigh.

Cáit.— Mura mbéadh Séadna bhí an sgéal go h-olc acu.

Síle.— Conus é sin, a Cháit? Dar ndóich má dúbhairt sé le Diarmuid an dorus do dhúnadh nár osgail Sadhbh féin é?