Page:Seadna.djvu/155

This page has been validated.
151
SÉADNA
an dá sgéal. Fear macánta dob’ eadh Mícheál Réamoinn pé diablaidheacht a bhí aige, ’ná ná raibh. Bitheamhnach dob’ eadh an duine uasal úd, pé uaisleacht a bhí aige, ’ná ná raibh.

Cáit.— Am briathar mhóide gurab é mo thuairim féin gurab iad na h-uaisle móra na bitheamhnaigh is mó. Sin é an duine uasal san do chuir amach na ’c Eóghnaigh. Tá sé ráidhte go bhfuil deich míle púnt sa mbliaghain aige thall i Sasana. Ní shásóchadh san é gan teacht anso anall chun na g’c Eóghnach mbocht agus iad do chaitheamh amach fé’n gclagar oídhche Nodlag. Bhí an tsean lánmha ann agus an lánmha óg agus naonbhar clainne. Cómhnaoís do Pheig an t-é ba shine acu, agus ní raibh an leanbh dob’ óige ach trí seachtmhaine. Nuair bhíodar go léir amuich agus an fhearthainn ag tuitim ’na taoisgeanaibh ortha, do dhein Seághan óg Mhic Eoghain sgailp i gcoinnibh an chlaidhe mar fhoithin dóibh. Tháinig an duine uasal agus do leag sé an sgailp.

Nóra.— Ó! Dia linn! a Cháit, ní dócha gur dhéin!

Cáit.— Am briathar gur dhéin. Dúbhairt an báille leis go raibh púnc éigin dlíghe ann, agus go mbéadh an obair chéadna aige ’ghá gcur amach ó’n sgailp a bhí aige ’ghá gcur amach as an dtigh. Do leag sé an sgailp orthu pé i n-Éirinn é. Agus ansan do bhí an seanduine bocht ag gol, agus nuair a chonaic an duine uasal ag gol é, “see,” ar seisean, “how the old cock cries.”

Síle.— Cad é an rud é sin, a Cháit?

Cáit.— “Feuch,” ar seisean, “mar ghoilean an sean chocaíghe.”

Síle.– Ó! feuch air sin! Agus é féin ’ghá chur ag gol!