Page:Seadna.djvu/158

This page has been validated.
154
SÉADNA

Gobnait.— Conus d’imthigh le Cormac an Chaincín, a Pheig?

Peig.— Ní raibh tásg ná tuairisg air go ceann seachtmhaine ó lá an aonaigh. Chuaidh gach aon rud chun suaimhnis. Ní feacthas Sadhbh ná a h-athair ar an dtaobh amuich de dhoras i gcaitheamh na seachtmhaine. An mhuíntir is mó bhí caillte le h-obair na mbitheamhnach isiad ba lúgha trácht air. An mhuíntir ná raibh aon rud acu le cailleamhaint níor stad a mbeul, ach gach aoinne acu ’ghá shíor-mhaoidheamh dá mbéadh capall aige féin le díol ná sgarfadh sé chómh mothaolach san leis.

I gcionn seachtmhaine d’fhill Cormac. Tigh Shéadna an chéad tigh n-ar thug sé aghaidh air. Tháinig Séadna amach ’na choinnibh fé mar tháinig sé amach i gcoinnibh Sheághain Cheataigh an lá úd.

“Seadh!” arsa Séadna.

“Do crochadh triúr acu,” arsa Cormac. “D’imthigh Síogaidhe, nó pé ainim atá air. D’á fheabhas dithneas do dhéineamair do theip orainn teacht suas leó gur shroiseamair an chathair. Chuadhas-sa láithreach ag triall ar mhuíntir an rígh mar a raibh aithne mhaith orm, agus d’innseas mo sgéal. Ní fheacaís a leithéid d’iongnadh ar aon daoinibh riamh agus a bhí ortha. ‘Airiú,’ ar siad-san, ‘do tháinig fear anso chúgainn ó chianaibh agus d’inis se an sgéal céadna san dúinn, agus thaisbeáin sé dhúinn triúr de na bitheamhnachaibh agus ghabhamair láithreach iad, agus is dócha go gcrochfar amáireach iad. Dúbhairt sé nár bh’iad ba mhó ba chiontach ach an t-é a bhí ’na cheann ortha agus ar thuille dh’á sórd sa Mhúmhain. Fear gur b’ainim dó Séadna. Fear a bhí ag déanamh airgid bhréagaigh le fada. Agus d’á chómhartha san féin, gur bh’aithin do’n dúthaigh é bheith beó bocht laistigh de chúig nó sé bhliaghnaibh, agus anois go bhfuil sé ar an