Page:Seadna.djvu/160

This page has been validated.
156
SÉADNA

suas leis an Síogaídhe macánta, pé h-é féin nó pé ball ’na bhfuil sé, agus é thabhairt chun lámha. Do ceapadh, mar an gcéadna, lucht cuardaigh, chun na h-áite do dhéanamh amach ’na bhfuil an t-airgead bréagach so d’á dhéanamh, agus óir nach foláir nó tá níos mó ’ná an ceathrar sa ghnó, an chuid eile acu d’fhiadhach agus greim dh’fhághail ortha sul a mbéidh uain acu ar a thuille díobhála do dhéanamh. Is ’mó cú ghéar ar shálaibh an chladhaire um an dtaca so, geallaim dhuit é, agus má bheirean sé na cosa uatha is mór an iongnadh liom-sa é. Nuair a thuigeadar a fheabhas do dhéinis-se an bheart lá an aonaigh agus a ghéire mar chuaidh an sgéal ar an gceathrar, isé adúbhradar go léir ’ná gur mhór an truagh gan tú thíos acu féin mar a mbéadh cothrom agat ar an inntleacht atá agat do chur chun tairbhe.

“Is eagal liom, a Chormaic,” arsa Séadna, “nuair a bhí teistiméireacht agat d’á thabhairt dóibh ar m’ inntleacht, murar chuiris leis an bhfírinne nach baoghal gur bhainis uaithi. Ach is dócha mura mbéadh a ghéire do leanais-se ar shálaibh an fhir mhóir úd agus a luathacht a bhís isteach sa chathair ’na dhiaigh, go mbéinn thíos acu um an dtaca so agus nach ar mhaithe le m’ inntleacht é. Gan amhras do cheap sé droich iaracht do thabhairt fúm. Is mór an truagh cead a chos agá leithéid. Is olc ó fhearaibh na cathrach mura dtigid siad suas leis anois agus a ainim i n-áirde ar fuid na h-Éirean ó’n mbeart so. Dáltha an sgéil is mór go léir an iongnadh liom a rádh go raibh sé de dhíth céille air trácht ar ainim an rígh sa ghnó. Ba cheart dó a fhios do bheith aige ná féadfadh dul leis abhfad fé ainim an rígh.”

“Isé a cheapaim-se,” arsa Cormac, “’ná go raibh a fhios go maith aige cad a bhí ar siúbhal aige, agus gur d’ aon ghnó ar fad do dhéin sé obair lae an aonaigh.”