Page:Seadna.djvu/162

This page has been validated.
158
SÉADNA

uaim-se,” arsa Cormac, “an fhaid ná raibh aon éagcóir agat d’á dhéanamh.” Tharla le n-a linn sin gur fheuch sé idir an dá shúil ar Shéadna, agus má fheuch do stad.

Síle.— Cad ’na thaobh dó stad, a Pheig? Ba dhóich liom, pé duine go gcuirfeadh an fheuchaint úd Shéadna sgeón ann, ná ná cuirfeadh, gur dheacair di aon gheit do bhaint a’ Cormac an Chaincín. Gabhaim-se orm dá mb’ é Seághan an Aonaigh a bhéadh ann nach baoghal go mbainfí aon gheit as. Ní bainfí ach oiread agus a bainfí a’ cráin mhuice dá mbéadh sí ann.

Peig.— Sdó, is amhlaidh mar bhí an sgéal ag Cormac, bhí rún gránda ag Séadna air. Tamall beag tar éis an lae úd a tháinig sé ag éileamh sealbha ar an mbaintrigh do fuair Séadna amach cúrsaí na breibe agus bhí a fhios ag Cormac go bhfuair. Do theip air a aigne do chur chun suaimhnis ná an oídhche do chodladh go dtí gur tháinig sé chun cainte le Séadna agus gur iar sé air gan gearán do chur isteach air. Dúbhairt Séadna ná déanfadh dá ngeallfadh Cormac dó gan breab do ghlacadh airís. Rud a gheall go fonnmhar.

Síle.— Andaigh ba dhána an t-éadan a bhí air. “Níor bhaoghal duit mise an fhaid ná raibh aon éagcóir agat d’á dhéanamh.” Níor bh’iongnadh gur baineadh geit as. Dá mbéadh fios an méid sin ag Sadhbh do thuigfeadh sí cad é an greim a bhí ag Séadna air.

Peig.— Bhí an greim sin aige air go daingean, agus bhí a rian air, ní raibh aige ach bagairt air chun é a thiomáint ar siúbhal, pé bog cruaidh an gnó, pé moch déanach an tráth, pé fliuch fuar an uain.

“An dóich leat an bhfuil aon tseans go mbéarfar air?” arsa Séadna.

“Táthar ’na dhiaigh go teith ar aon chuma,” arsa Cormac.