Page:Seadna.djvu/163

This page has been validated.
159
SÉADNA

“Tá fir ’na dhiaigh gur deacair dul uatha, geallaim dhuit é. Isé a rádh féin ná deachaidh aon bhitheamhnach riamh fós uatha. Má théidhean sé seo uatha béidh an chraobh aige.”

“An rabhais ag caint le Diarmuid Liath ó fhillis?” arsa Séadna.

“Ní rabhas,” ar seisean, “ach d’airigheas gur fhág Sadhbh an baile agus ná fuil aon tuairisg uirthi. Bhíos chun dul ann síos anois feuchaint ar tháinig sí, nó an fíor é i n-aon chor.”

“Raghad-sa leat,” arsa Séadna. “Níor airigheas focal dé. Is mór an truagh an duine bocht.”

Bhuaileadar ortha soir.