Page:Seadna.djvu/166

This page has been validated.
162
SÉADNA

Cáit.— Is dóichíghe gur ’na cheann féin a bhí an teinneas.

Peig.— ’Na cheann féin, cad eile?

Cáit.— Am briathar go bhfeaca-sa Séamus so againne ar an gcuma gcéadna fadó, nuair a bhí an mhéar theinn aige. An órdóg chlé, órdóg a láimhe, isí ’bhí teinn. Tháinig speabhraídí air le neart an teinnis agus bhíodh sé ag glaodhach ar mo mháthair agus ar Neill, agus ’ghá iaraidh ortha “feuchaint i ndiaigh an gharsúin úd thall sa chúinne, mar go raibh órdóg ana theinn aige.”

Nóra.— Seadh ansan tú, a Pheig.

Peig.— D’fhanadar tamall maith ag éisteacht leis ach do theip ortha aon chaint bhunúsach d’fhághail as.

“Cad é do mheas air, a Mháire?” arsa Séadna leis an mnaoi fhriotháilte.

“Ní h-é mo thuairim go bhfuil aon bhaoghal air,” ar sise. “Is cómhartha maith ar an mbreóiteacht na speabhraídí do bheith chómh h-anamamhail. Ní bhraithim aon mhairbhitíghe air. Bíon tart air, ach ní tart ró mhór é, agus tá meidhg maith dhá bhainne agam d’á thabhairt dó.”

Thánadar amach as an seómra.

“An bhfuil aon tuairisg ar Shadhbh?” arsa Séadna, “nó an bhfuil aon fhios ag aoinne air cad é an treó baill ’nar thug sí a h-aghaidh?”

“Ní fheacaidh aoinne ag imtheacht í ach Pails anso,” arsa an bhean fhriotháilte. “Bhí Pails amuich ar eirghe lae, lar na mháireach lae an aonaigh. Thug obair na mbitheamhnach, agus an toirmeasg a lean é, oídhche chollóideach do’n mhnaoi bhocht. Bhí sí ’na suídhe lasmuich de dhorus an bhotháin bhig ar an amhsgarnach. Chonaic sí an bhean ag imtheacht ón dtigh seo agus í ar a cromruathar agus caipín a clóca ar a ceann aici. Cá