Page:Seadna.djvu/168

This page has been validated.
164
SÉADNA

poll francaigh ná go bhfuil aithne aige siúd air, i n-aon bhall sa bhaile mhór. Bíodh orm-sa má mhothuíghean sé ’na dhiaigh í go gcuirfidh sé féin, nó duine éigin uaidh, deire léi go tapaidh——, má ’s ann a thug sí a h-aghaidh, agus dar ndóich ní dócha gurab ann, nídh nach iongnadh.”

“Fan leat go fóil,” arsa Cormac. “Ní bhéarfadh aon ghnó eile ó’n mbaile í ach chun é siúd d’fhiadhach agus do thabhairt chun lámha. An gníomh do dhéin sé uirthi féin agus ar a h-athair, níor déineadh is dócha le cuimhne aoinne atá suas a leithéid eile de ghníomh, le gráinneamhlacht agus le spriúnlaitheacht agus le h-éagcóir. D’fhulaingeóchadh sí í ghearadh ’na miotaibh beaga sul a’ leigfeadh sí i n-aisge leis é, nídh nach locht uirthi.”

“Dhe ’gus, a dhuine an chroídhe ’stigh, má tá sé chómh buailte sin isteach ad’ aigne go bhfuil sí imthighthe ar an inntinn sin, cad ’na thaobh ná preaban tú láithreach agus í do leanmhaint?” arsa ’n bhean fhriotháilte.

“Preabfad, ná bíodh eagal ort,” ar seisean. “Ní raibh uaim ach a fhios a bheith agam cár thug sí a h-aghaidh. Is dócha go bhfanfair-se anso go dtí go mbéidh an duine seo ag teacht chuige féin, nó an chuid is lúgha dhe, ar láimh shábhála.”

“Fanfad,” ar sise. “Dúbhairt an sagart liom fanamhaint.”

“Agus, a Shéadna,” ar seisean, “mura bhfuil aon bhruid ort-sa ná béadh sé chómh maith agat gluaiseacht i n-aonfheacht liom?”

“Ní gádh san,” arsa Séadna. “Tá bhur ndóithin agaibh féin ann.”

“Tá a fhios agam,” arsa Cormac, “gur mhaith le muíntir an rígh aithne do chur ort, agus go mb’fhéidir