Page:Seadna.djvu/170

This page has been validated.
166
SÉADNA
“A Dhómhnaill, a mhic ó,” arsa ’n t-athair, “brostaigh agus tabhair ‘bachall’ ar dhuine éigin sul a’ dtabharfaí ort é.” B’ shin é a úrdhálta ag Cormac. Cheap sé ná raibh aon tslígh b’fhearr ’na rachadh sé féin ó ainim an bhitheamhnaigh do thabhairt air ’ná é féin do thabhairt ainime an bhitheamhnaigh ar dhuine éigin eile.

Síle.— Agus dar ndóich, a Pheig, ní shaorfadh san é. Ná féadfaí é thabhairt air féin ’na dhiaigh san chómh maith agus dá mba ná tabharfadh sé ar aoinne é?

Peig.— Is dócha gur mhór an nídh leis tusach do bheith aige féin ar an sgéal, an chéad urchur do bheith aige, gan bheith thíos ar an gcéad bhearnain. Agus cad déarfadh na daoine ach nár bh’fholáir nó nár ghádh dhó féin aon eagla do bheith aige roimis an ainim, óir, dá mba ghádh, go seachnóchadh sé trácht air.

Cáit.— Is dócha gur bh’ shiné an úrdhálta ag Donchadh beag nuair a ghoid sé sgian Shéamuis. Ní raibh aoinne ba ghéire ag cuardach ’ná é féin agus í istigh ’na phóca aige, an spreallairín!

Síle.— Conus a fuaradh í, a Cháit?

Cáit.— Mise a thug fé ndeara í sa phóca. Bhí an póca ar sileadh lasmuich dá chasóig aige, mar bhéadh máilín na bpiast. Bhuaileas-sa mo lámh ar an máilín agus bhí an sgian istigh ann.

Síle.— An fear bocht! Is tú a bhain an phreab as.

Cáit.— Abair é! D’iompuigh a lith ann agus chrom sé ar ghol.

Síle.— Ar díbreadh é?

Cáit.— Níor díbreadh. Do chosain Neill é. Dúbhairt sí gurab amhlaidh a chuir duine éigin an sgian sa phóca a gan fhios dó, mar spórt, agus dúbhairt mo dhaid go raibh an ceart aici.