Page:Seadna.djvu/174

This page has been validated.
170
SÉADNA

máthair Mhicil cuaird ann. Agus an lá ná bíodh sise ann bhíodh Máire Ghearra féin ann, agus isé adeireadh na cómharsain ’ná gur mhó an bhreis fheabhusa a théidheadh ar Dhiarmuid an tamall de lá a thugadh sí ag caint leis ’ná mar théidheadh air an chuid eile de’n aimsir ar fad. Deireadh Diarmuid féin go samhluigheadh sé go dtógthaí an ceó d’á chroídhe nuair a chídheadh sé chuige an dorus isteach í.

Isé rud adeireadh gach aoinne ’ná gur mhaith an bhail air gan Sadhbh do bheith i n’ aice an fhaid a bhí sé ’na luíghe, mar ná béadh aon bhreith aige ar theacht chuige féin an fhaid a bhéadh sí láithreach. Dá mbéadh aoitheó aige d’á fhághail agus go dtiocfadh aon nídh crosda uirthi, go spriúchfadh sí agus go gcuirfeadh sí ath-iompáil air chómh siúrálta agus a bhí Sadhbh mar ainim uirthi.

Siné a cheapadar na cómharsain, ach ní h-é sin a cheap Diarmuid féin. Dar leis, ní raibh ’ghá choimeád ar fleasg a dhroma ach gan í bheith ag teacht abhaile ná aon tuairisg uaithi. Ó mhaidin go h-oídhche ní bhíodh aon chúrsaí cainte idir é féin agus na daoine thigeadh isteach, ach “cá raibh sí?” nó “cad a bhí ’ghá coimeád amuich?” nó “ciacu beó nó marbh a bhí sí.” “Má bhí sí beó cad ’na thaobh ná h-aireóchadh duine éigin sgéala uaithi? Má bhí sí marbh cad ’na thaobh ná tiocfadh tásg a báis ó thaobh éigin? Dar ndóich ní fhéadfaí í mharbhadh gan a fhios do bheith ag duine éigin. Dá marbhaidhtí i lár na h-oídhche í agus an corp do chaitheamh i bpoll éigin, dar ndóich do geabhfaí lar na mháireach a bhéadh chúgainn é, agus do leathfadh an sgéal ar fuid na dúithe, agus do béarfaí ar Shíogaidhe, dá mb’ aige bhéadh an gníomh déanta, agus do crochfaí é. Dá mbéadh oiread eile gliocais ann ní fhéadfadh sé dul ó Chormac.”