Sin mar a chaitheadh sé an aimsir ag cur agus ag cúiteamh nuair a bhíodh aoinne istigh do dhéanfadh éisteacht leis. Nuair a bhíodh sé i n-a aonar is amhlaidh a bhíodh sé ag caint leis féin agus ag aighneas leis féin, agus ag áiteamh air féin. Uaireanta sa n-aighneas san leis féin d’árduigheadh sé a ghlór agus d’airigheadh Pails é agus bhíodh sí deimhnightheach go mbíodh beirt nó triúr ann, bhíodh a leithéid sin de ghleó aige.
D’aimhdheóin na buartha bhí an goile go maith aige agus bhí sé ag teacht chuige féin go tiugh. Ba ghearr go raibh sé sa dorus agus a ghuala leis an ursain mar ba ghnáth, ach má ’seadh bhí mí-lítheacht ’na cheannachaibh seachas mar ba ghnáth, agus thabharfá fé ndeara na balcaisí, ná rabhdar chomh teann air agus bhídís sul ar buaileadh breóite an fear bocht. Thabharfá fé ndeara go raibh raint de’n fheóil imthighthe agus mórán de’n bhlonag. Bhí an ghuala caol sa chasóig. Bhí an chuisle caol sa mhuinichle. Bhí an cheathramha caol sa bhríste. Bhí iomad slíghe ag an bhfear mbocht ’na chuid éadaigh, agus do bhíodh an ghaoth ag cuardach na gcnámh aige mór-thimpal ins na póirsíbh folamha a bhí idir chroicean agus éadach aige, i dtreó ná féadadh sé fanmhaint abhfad sa dorus gan teacht anois agus airís go dtí an teine ’ghá théidh féin.
Lá, mar déarfá coigthígheas ó fhág sé an leabaidh, do tháinig sé go dtí an dorus agus baluith na teine go láidir air. Ní túisge d’fheuch sé an bóthar suas ’ná a chonaic sé an bhean ag gabháil chuige anuas árd an bhóthair. Ar an gcéad amharc do baineadh iaracht de gheit as mar cheap sé gur bh’ fhíor dheabhrach le Sadhbh í. Níor bhog sé na súile dhi gur tháinig sí i n-a aice. Bean chnámhach, gharbh, dob’ eadh í. Clóca bréide uirthi. Caipín a clóca ar a ceann aici. Greim aici ’na láimh chlé ar dhá imeal