Page:Seadna.djvu/176

This page has been validated.
172
SÉADNA

an chaipín agus é dúnta os cionn a béil aici, i dtreó ná raibh le feiscint ag Diarmuid d’á ceannachaibh ach a srón agus súil léi.

Dhein sí ceann ar aghaidh ar an ndorus, agus an dorus isteach, agus mara mbéadh gur dhruid sé i leath taoibh uaithi do leagfadh sí é. Suas léi chun na teine agus do shuigh sí i gcathaoir Dhiarmuda féin. Thug sí a h-aghaidh ar an dteine agus do leath sí a dhá láimh agus í féin, ag glacadh an ghoradh, agus ba dhóich leat go raibh gádh aici leis.

Thóg Pails a ceann sa chúinne agus d’fheuch sí ar an stróinséir go fada agus go dúr. Do stad Diarmuid i lár an tíghe ag feuchaint sa chúl uirthi. Nuair a bhí sí teith chuir sí an lámh chlé airís i gcaipín an chlóca agus dhún sí os cionn a béil é. D’fheuch sí ar Phails amach as an súil aonair. Ansan d’fheuch sí ar Dhiarmuid.

“Tá cearc ag glaodhach sa tigh seo!” ar sise, agus is ar éigin fhéadfadh duine a dhéanamh amach ciacu glór mná bhí aici nó glór fir. “Tá cearc ag glaodhach sa tigh seo!” ar sise, an tarna h-uair.

“Níor airigheas-sa ag glaodhach í,” arsa Diarmuid.

“Tá cearc ag glaodhach sa tigh seo!” ar sise. “Srubh! srabh! srubh srabh! srubh srabh!” ar sise.

“Cár ghabhais chúgainn, a ’nghean ó?” arsa Diarmuid.

“Srubh srabh! srubh srabh! srubh srabh!” ar sise. “Is fada í mo chuaird chúgaibh,” ar sise, “ag teacht mar mhaithe libh. Is mór an éagcóir sin,” ar sise, “mise dom’ chur chúgaibh anso ó Chúig Uladh bhur ndíon ar eascáirdibh, chómh maith agus dá mba ná faighfí duine ba ghiorra ó bhaile agus ba ghiorra gaol daoibh chun a dhéanta.”

“Cia atá ar ár dtí?” arsa Diarmuid.

Phreab sí ’na suídhe agus thug sí a h-aghaidh air. Níor