fheuch sé idir an dá shúil uirthi mar ní raibh radharc aige ach ar shúil léi. Níor bheag dó san. Ní raibh aon mhíogarnach ar an súil sin ná aon mhallachar radhairc. Shín sí chuige amach a lámh dheas. Tharaing sé píosa airgid as a phóca agus chuir sé ar chroídhe a dearnan é. Chuir sí puth d’á h-anáil air. Is dócha go raibh sé níos mó ’ná cheap sí bhéadh sé, mar do baineadh d’á cosaint í. Shleamhnuigh an greim de chaipín an chlóca agus do nochtadh a h-aghaidh. Bhí sí ar leath-shúil, agus bhí casadh ’na beul siar nách mór go dtí an áit ’nar cheart an chluas do bheith, agus bhí an chluas imthighthe. Dhruid Diarmuid uaithi i ndiaigh a chúil, agus geallaim dhuit go raibh eagla air.
“Cia atá ar bhúr dtí?” ar sise. “Tá teine agus uisge ar bhúr dtí,” ar sise. “Tá galar agus bás ar bhúr dtí,” ar sise. “Tá neithe ar bhúr dtí ná fuil puínn coinne agaibh leó,” ar sise. “Mura mbéadh gan mé bheith abhfad uait do ló ná d’ oídhche le trí seachtmhainibh do bhéadh a fhios agat um an dtaca so cia h-iad atá ar do thí,” ar sise le Diarmuid. “Agus ba chóir,” ar sise, “nár bheag dom de ghnó bheith ad’ chosaint-se, gan bheith ag cosaint t’inghíne leis, d’á fhaid ó chéile tú féin agus í féin.”
“Cá bhfuil sí?” arsa Diarmuid. “Nó cad ’tá ’ghá coimeád amuich? Nó cad fé ndeara dhí imtheacht agus gan sgéal ná duain do chur chúgam abhaile anso go mbéadh a fhios agam ciacu beó nó marbh atá sí? Is olc a dhéin sí orm é.” Agus bhí a lámh thíos aige i bpóca a bhríste agus píosa eile airgid aige d’á láimhsiáil. Do chonaic sise an méid sin chómh maith agus dá mbeadh fiche súil aici.
“Ní fada go bhfaighir a tuairisg,” ar sise, agus bhí an lámh sínte airís aici, “agus ní h-orm-sa is cóir