Page:Seadna.djvu/179

This page has been validated.
175
SÉADNA

Cáit.— Mhaise, níor imthigh leath a raibh tuillte aici, an rógaire. Ní raibh Neill pósta ach trí seachtmhaine. Bhí sí istigh sa bhaile agus bhí Éamonn amuich ag feuchaint i ndiaigh na mbó, mar bhí bó acu tar éis bheirthe. I gceann tamaill do tháinig sé isteach agus bhí Neill ag gol. D’fhiafraigh sé dhi cad a bhí uirthi. B’fhada gur inis sí dhó gurab amhlaidh a bhí bean feasa ag lorg airgid uirthi, agus ’nuair nár thug sí an t-airgead di go ndúbhairt sí go mbéadh Neill ’na baintrigh sul a mbéadh an bhliaghain caithte. An fhaid a bhí Éamonn amuich i bhfeighil na mbó thug sé fé ndeara an bhean iasachta ag imtheacht ó’n dtigh agus bhí a fhios aige cad é an bóthar a ghaibh sí. Níor dhéin sé aon bhlúire amháin ach breith ar an bhfuip a bhí ar crochadh i n-aice an doruis agus í a shádhadh suas i muinichle a chasóige agus an dorus amach do chur dé. Bhí sé imthighthe sul a raibh a fhios ag Neill cad é an fuadar a bhí féi.

Ba ghearr gur tháinig sé suas leis an mnaoi.

“Cad chuige dhuit,” ar seisean léi, “a rádh le m’ mhnaoí-se go bhfaghainn-se bás fé cheann bliaghna?”

“Ní déarfainn é,” ar sise, “mura mbéadh a fhios a bheith agam go cruinn.”

“Cia inis duit é?” ar seisean.

“D’inis mo leanán sídhe dhom é,” ar sise.

Do rug sé ar chúl cinn uirthi agus tharaing sé an fhuip as an muinichle agus do ghaibh sé de’n fhuip sin uirthi chómh h-áluinn agus do ghaibh Conchúbhar Máighistir riamh ar aon sgoláire d’á raibh ar an sgoil aige. Nuair a bhí gabhtha go maith aige uirthi do sgaoil sé uaidh í. “Seadh!” ar seisean léi. “Nach mór an iongnadh nár inis do leanán sídhe dhuit go dtabharfainn-se an córughadh san duit.