Page:Seadna.djvu/181

This page has been validated.
177
SÉADNA

Nóra.— Mura mbéadh iad do bheith ann conus do chífí iad?

Peig.— An bhfeacaís-se féin aon cheann acu riamh, a Nóra?

Nóra.— Ambasa féin ní fheaca, buidhchas le Dia! Ach is iomdha duine chonaic iad, dar ndóich.

Peig.— Inis dom aoinne amháin.

Nóra.— Seághan ua h-Iarlaithe. Bhíos ag éisteacht leis ’ghá innsint.

Cáit.— Dhe, an leath-amadán!

Nóra.— Pé ’cu leath-amadán é nó nach eadh do chonaic sé an sprid.

Síle.— Canad, a Nóra?

Nóra.— ’S amhlaidh do cuireadh ag comáint na mbó é, tar éis a gcrúidhte, suas go Túirín an Chasúrlaigh, asdoídhche Dia Domhnaigh. Bhí lán an tíghe de dhaoinibh bailighthe ag sguruigheacht ann. Ba ghearr gur sgiúrd Seághan chúca isteach agus sgeón ann agus coinneal ’na shúilibh le sgannradh agus le h-anfha.

“Airiú, cad ’tá ort, a Sheághain?” ar siad.

“Ó! an deamhn mé, go bhfeaca sprid!” ar seisean.

“Airiú, cathain a chonaicís í, a Sheághain?” ar siad.

“Ó!” ar seisean, “i gcómhrac lae agus oídhche— um thráthnóna mór luath— ba threise ar an lá ’ná ar an oídhche— ní raibh sé dorcha— i lár an lae ghléigil dob’ eadh é.” Geallaim dhuit go raibh gáirídhe ann.

“Cad dúbhairt sí leat, a Sheághain?” ar siad.

“An deamhn mé!” ar seisean, “gur fheuch sí orm go truaghmhéileach.”

“Agus cad dubhraís léi, a Sheághain?” ar siad.

M