Page:Seadna.djvu/182

This page has been validated.
178
SÉADNA

“An deamhn mé,” ar seisean, “gur chuimhnigheas gur bh’fhearr ruith.”

“Cad é an saghas í, a Sheághain?” ar siad.

“Tá,” ar seisean, “sprid mhuice, i bhfuirm bhuímpéise stoca.”

Cáit.— Aililiú! Airiú, cad a chonaic sé, a Nóra?

Nóra.— Siní díreach an cheist a bhí acu go léir ’á chur ar a chéile, nuair cia bhuailfeadh chúca isteach ach athair Sheághain agus cóta-mór liath air agus a chaipín breac air. Ní túisge chonaic Seághan an caipín breac ’ná a chuir sé liúgh as. “Ó!” ar seisean, “sidí chúgaibh isteach í!”

“Mhaise duig ionat! a amadáin!” arsa ’n t-athair.

Cáit.— Agus cá raibh an mhuc, airiú?

Nóra.— Ambasa ach ní fheadar, a Cháit, ach gurab shin é tuairisg a thug sé féin ar an sprid a chonaic sé.

Peig.— Is dócha gurab amhlaidh ’airigheadh sé daoine ’ghá rádh gur mheasa sprid d’fheiscint i bhfuirm muice ’ná i bhfuirm aon ainimhíghe eile, agus nuair a bhí an sgannradh air gur cheap sé gur rud i bhfuirm muice a bhí ann.

Cáit.— Agus dar ndóich dúbhairt sé féin gur rud i bhfuirm bhuímpéise stoca do chonaic sé, nuair a chonaic sé an caipín breac agus an cóta mór liath.

Nóra.— Andaigh, ní fheadar-sa cad a chonaic sé ná cad a cheap sé a bhí ann, ach siúd é adúbhairt sé, “sprid mhuice,” ar seisean, “i bhfuirm buímpéise stoca.”

Cáit.— Dhe, greadadh chuige, an breallán! Mura mbéadh é bheith i n-a amadán déarfainn gur mhaith an sgéal cuid de’n fhuip úd a thabhairt dó. B’fhéidir go mbainfeadh san cuid de na speabhraídíbh dé.