Peig.— Pé rud a bhain an tsúil as an mnaoi a tháinig chun Diarmuda bhí sí ar leath-shúil. Agus má bhí an tsúil léi a bhí imthighthe chómh nímhneach leis an súil a bhí aici ba mhaith an bhail ar Dhiarmuid ná raibh an dá shúil aici nuair fheuch sí air féin, nó is dócha go gcuirfeadh sí ath-iompáil air. Níor fhéad an fear bocht aon bhlúire bídh d’ithe an chuid eile de’n lá san, ach ag cuimhneamh ar an leath-shúil úd, agus ar an gcirc agus ar an “srubh srabh,” agus ar an ndroch theangabhálaidhe do bhuail umá inghín. I dtreó go ndeachaidh Pails amach agus gur ghlaoidh sí ar chuid de na cómharsanaibh, agus go dtánadar isteach, agus go ndúbhradar gur cheart fios do chur ar an sagart sul a dtiocfadh an oídhche le h-eagla go rachadh an duine i n-olcas agus go mb’ fhéidir gurab amhlaidh bhéidhfí ag glaodhach ar an sagart i lár na h-oídhche.
Do cuireadh fios ar an sagart agus do tháinig sé. Nuair airigh sé ó Dhiarmuid tuairisg na mná feasa do gháir sé.
“Tá aithne mhaith agam-sa,” ar seisean, “ar an gcladhaire mná san. Ní raibh sí riamh i gCúig Uladh ’ná leath na slíghe ó bhaile. Tá a fhios agam-sa cár rugadh agus cár tógadh í, agus dob’ olc an tógáilt í. Ní’l de chéird aici ’ná de shlígh mhartha ach bheith ag gluaiseacht ó áit go h-áit ’ghá leigint uirthi go bhfuil fios aici, agus dar ndóich ní’l ach oiread agus atá ag an iarta san. Dá mb’ áil le daoinibh ciall do bheith acu agus gan bheith ag tabhairt airgid di, ba ghearr go gcaithfeadh sí gairm beatha éigin eile do tharang chuici. Ach cé gur minic