san d’á innsint do dhaoinibh ní ghlacaid cómhairle agus ní’l aon mhaith am’ chaint. Ní h-aon tairbhe dhom bheith leó.”
“Agus, a Athair,” arsa Diarmuid, “conus a fuair sí amach cearc do bheith ag glaodhach sa tigh seo? Nó conus a fuair sí amach Sadhbh do bheith as baile? Nó conus a fuair sí amach go rabhas-sa féin i gcontabhairt?”
“Fiannaidheacht! a Dhiarmuid,” arsa ’n sagart. “Ní’l aon nídh is usa ’ná neithe de’n tsórd san d’fhághail amach nuair a cheapfadh duine a aigne chuige. Ná raibh a fhios ag an ndúthaigh cad é an t-éirleach do déineadh anso lá an aonaigh? Ná raibh a fhios ag an ndúthaigh Sadhbh do bheith as baile agus tusa do bheith ad’ luíghe le h-éagcruas? Slán beó mar a n-innstear é! Cad é an bac a bhí uirthi bualadh anso agus ansúd imeasg na ndaoine agus eólus d’fhághail ar gach aon rud a bhain leat? Is breagh bog an tslígh é chun airgid d’fhághail.”
“Ach conus gheabhadh sí amach cearc do bheith ag glaodhach sa tigh, a Athair?” arsa Diarmuid.
“Is dócha,” arsa ’n sagart, “dá mbeadh cearc ag glaodhach sa tigh ná béadh aon bhac uirthi teacht suas leis an méid sin eóluis ach chómh beag agus bhí uirthi teacht suas leis an gcuid eile.”
“Dá mbéadh cearc ag glaodhach sa tigh!” arsa Diarmuid. “Dar ndóich, a Athair, mura mbéadh go raibh ní dócha go ndéarfadh sí é.”
“Is neamhnídh ci’acu,” arsa an sagart. “Is obair leanbaidhe aon tsuím do chur ’na leithéid de sgéal. Ach ba mhaith liom a fhios do bheith agam ar airigh aoinne eile an chearc so ag glaodhach.”
“Níor airigheas-sa féin í,” arsa Diarmuid, “agus ní