baoghal gur airigh Pails í mar tá sí chómh bódhar le slis, agus ambriathar nár airigheas aoinne eile ’ghá rádh gur h-airigheadh í.”
“Siné shamhluigheas,” arsa ’n sagart. “Is dócha,” ar seisean, “nach foláir nó gur airigh sí siúd rud éigin de’n ráfla so ar siúbhal i dtaobh Shadhbh, nár stad cos di ó fhág sí an áit seo go ndeachaidh sí síos go dtí an baile mór. Ansan gur chuir sí fiadhach agus cuardach agus tóir i ndiaigh an bhitheamhnaigh úd i dtreó gur rugadh air agus gur crochadh é. Agus gur thug an rígh do Shadhbh an trí chéad púnt do rugadh uaithi agus trí chéad eile mar thuille.”
“Stad! stad! a Athair,” arsa Diarmuid. “Cad é sin agat d’á rádh mar sin, a Athair? Conus fhéadfadh an cailín bocht san dul go dtí an baile mór agus eólus na catharach do dhéanamh? Cailín beag ná raibh riamh tar fiche míle ó bhaile!”
“Ní’lim-se ach ’ghá innsint cad é an ráfla d’airigheas,” arsa ’n sagart. “Is dócha gur airigh an bhean úd an fheasa, ná fuil aici, an ráfla céadna, agus gur cheap sí dá mbéadh tusach an sgéil aici dhuit-se go mbainfeadh sí síntiús airgid asat d’á bhárr, agus ní deirim ná gur bhain.”
“Níor bhain puínn, a Athair,” arsa Diarmuid. “Ach cad é an saghas ráfla é? Nó cad a chuir ar bun é?”
“Is amhlaidh a bhíos féin chun teacht anall ’ghá innsint duit a leithéid do bheith ar siúbhal nuair a tháinig an teachtaire chúgam ’ghá rádh go raibh eagla ar chuid des na cómharsain go n-ath-iompóchadh ort.”
“Ba neamhghádh dhóibh sin!” arsa Diarmuid. “Ní fheaca riamh iad ach amhlaidh. Dá mbéadh aoinne ’ghá iaraidh ortha ní baoghal go mbéidís chomh tionsgalach!