Page:Seadna.djvu/187

This page has been validated.
183
SÉADNA

Ag ruith ag cur aistir ar shagart gan ghádh gan riachtanas! Feuch air sin!”

“Ní fiú biorán a’s é,” arsa ’n sagart. “Do thiocfainn féin anall ar aon chuma feuchaint an raibh aon sgéala agat ó Shadhbh nó an raibh aon bhunús leis an ráfla so ar siúbhal.”

“Níor airigheas focal riamh dé go dtí gur tháinig an bhean úd agus go ndúbhairt sí gur casadh droch theangbhálaidhe éigin ar Shadhbh, nó rud éigin de’n tsórd san,” arsa Diarmuid.

“Cé h-é an droch theangbhálaidhe adúbhairt sí do casadh uirthi?” arsa ’n sagart.

“Níor inis sí dhúinn cia r’ bh’é féin. Níor thug sí aon tuairisg dúinn air, agus siné atá ag baint mo mheabhrach asam,” arsa Diarmuid.

“Do’n réir sin,” arsa ’n sagart, “is dócha gur airigh sí an chuid eile fé mar airigheas-sa féin é. Cairéiridhthe do thug leó é mar iongnadh shaoghail agus mar chúrsaí cainte eatartha, go raibh Cormac an Chaincín sa bhaile mhór leis, agus gur oibrigh sé féin agus Sadhbh a’ láimh a chéile chun beirthe ar an mbithieamhnach. Gur imireadar araon an cluiche chómh maith san agus chómh gasta san go raibh iongnadh a gcroídhe ar mhuíntir an rígh agus ar an rígh féin, a fheabhas do dhéineadar an gnó. Ansan, nuair fuair Sadhbh sé chéad púnt i n-inead an trí chéad a rugadh uaithi, gur socaruigheadh cleamhnas idir í féin agus Cormac agus go bhfuil an bheirt pósta um an dtaca so, nó réidh chun a bpósta.”

“Aililliú!” arsa Diarmuid. “Feuch air sin! Ar airigh aoinne riamh a leithéid! Cheapas ná pósfadh sí é dá mbéadh saidhbhreas na h-Éirean aige. Is éachtach an saoghal é. Is éagsamhlach an obair má ’s fíor é sin. Ach is dóichíghe ná fuil aon bhunús leis an sgéal. Ní fhéadfadh a bheith, nídh nach iongnadh.”