Page:Seadna.djvu/191

This page has been validated.
187
SÉADNA
CAIBIDIOL A DÓ A’S FICHE.

Fear géagach slinneánach, buídhe, dob’ eadh an tíncéir mór. Fear lom láidir. Bhí iaracht de rian na bolgaighe ann, agus ní raibh puínn féasóige air. Bhí sé iaracht bolg-shúileach. Bhí sé fadshrónach, faidleicneach, deagh-chúmtha ’na bheul agus ’na chorán. Bhíodh fáilte ins gach cuideachtain roimis mar ní bhíodh sé choídhche ach ag déanamh spóirt agus suilt agus caitheamh aimsire d’á mbíodh láithreach.

Bhuail sé chúca isteach agus ní túisge chonaic sé an sagart ’ná a tharaing sé siar beagán. Do shnap sé an cáibín d’á cheann agus do nocht sé an t-éadan buídhe maol a bhí air. Agus is air a bhí an multachán mór cinn agus é go cíordhubh agus go cas.

“Déin ar t’ aghaidh, a Phádraig, a mhic ó,” arsa ’n sagart, agus é ag gáirídhe. “Ní baoghal duit,” ar seisean. “B’fhéidir,” ar seisean, “go bhféadfá-sa tuairisg éigin do thabhairt dúinn i dtaobh an ráfla so atá ar siúbhal tímpal Shadhbh Dhiarmuda agus Chormaic Báille.”

“Fágaim le h-uadhacht, a Athair,” arsa ’n tíncéir, “gurab shiné díreach a thug anso anois mé, agus gur lag a shíleas go mbéadh tusach agat’ onóir orm. Ní fearr bheith ag caint air, ’sé mo thuairim láidir ná féadfadh spideóg iasachta teacht isteach sa pharóiste a gan fhios duit.”

“D’á ghéire beirt againn, a Phádraig,” arsa ’n sagart, “ní gádh dhúinn bheith ró mhaoidhmhteach. Bhain Murainn tusach díom-sa féin agus ba ró dhóbair dí ath iompáil do chur ar an nduine mbocht so le n-a cuid