“Um eadarthra lar na mháireach bhí an bheirt ag dorus tíghe an rígh. Tháinig an ceann amach. Chonaic sé Cormac.
“‘Cá bhfuil sí?’ ar seisean.
“‘Sidí í,’ arsa Cormac go réidh.
“‘Téanam, a ’nghean ó,’ arsa ’n ceann.
“Do ghluais sí i n-aonfheacht leis. Chuadar isteach dorus. D’imthigheadar trí phóirse fhada. Chuireadar dorus eile dhíobh agus póirse eile. Chuireadar an trímhadh dorus díobh. Ní póirse a bhí laistigh dé sin ach páirc bhreagh mhór fhairsing ghrianach, agus í go glas, agus go bearrtha le speil, agus casáin dheasa tríthi anonn, agus gainimh ortha. Bhí rígh-theaghlach áluinn uasal sa taobh thall de’n pháirc sin. Thug an ceann aghaidh ar dhorus an rígh-theaghlaigh sin. Ghluais Sadhbh ’na dhiaigh. Bhuail an ceann buille beag réidh ar an ndorus. Ba ghearr gur h-osgaladh é. Duine uasal breagh groídhe cumasach dob’ eadh an fear d’osgail é. Bhí caipín airgid ar a cheann, nó cheap Sadhbh gur bh’ airgead é. Agus bhí clóca síoda air agus bhí tuagh ar a ghualainn aige, agus í chómh greanta chómh solusmhar le glaine, agus faobhar uirthi gur dhóich leat go mbainfeadh sí an ceann de chapall d’aon iaracht. Do labhair an bheirt fhear le n-a chéile i gcogar ar feadh tamaill. Ansan do bhagair fear na tuagha ar Shadhbh, agus do lean sí é agus d’fhan an fear eile amuich.
“Ní túisge a bhí Sadhbh ar an dtaobh istigh de’n dorus ’ná ba dhóbair go leathadh a radharc uirthi. Do chonaic sí an seómra breagh mór fairsing árd, agus na h-uaisle ’na suídhe ann ar gach taobh. Fir bhreaghtha mhóra
N