Page:Seadna.djvu/204

This page has been validated.
200
SÉADNA

chead do mhuíntir na catharach chun an phósta so dhéanamh murab ionan a’s pósadh Shíogaidhe.”

“Ní raibh aon iontaoibh riamh agam a’ pósadh Shíogaidhe,” arsa ’n sagart, “ná aon lorg agam air.”

“Deir Uilig,” arsa Pádraig, “go ndúbhairt an rígh go gcaithfeadh sé radharc fhághail ar Shéadna. Aon fhear chómh géar inntleacht leis gur mór an truagh gan é i bpost éigin, nó i ngnó éigin, ’na mbéadh tairbhe a inntleachta le fághail aige féin nó ag duine éigin eile. Dar leis, dá mbéadh fear de shaghas Shéadna aige mar cheann airm ní ruithfeadh chómh fada leis an Síogaidhe macánta.”

“Nach mór an iongnadh,” arsa ’n sagart, “nár inis Uilig de Búrc, nó duine éigin, do’n rígh, go bhfuil fear anso againn is géar-chúisíghe go mór ’ná Séadna féin, agus go raghadh nead cluthmhar i n-aice an rí chómh maith dhó agus do raghadh sé d’aoinne! Go mór mór ó ná fuil a dhá oiread airgid cheana aige agus a theastuighean uaidh, mar atá ag Séadna.”

“Ní réidhteóch’ an áit le m’ shláinte, a Athair,” arsa Pádraig. “Is ’mó duine n-a mbíon dithineas air chun dul i n-inead sheasgair i n-aice an rígh agus nach sia-de a shaoghal é nuair a gheibhean sé a thoil! ‘Is sleamhain iad leacacha an tíghe mhóir.’ Pé h-é Síogaidhe is dóich liom go dtuigean sé um an dtaca so nach ionan dul go tigh an rígh agus teacht as. Is maith liom go maith an rígh—–abhfad uaim. Go mbuaidh Dia agus Muire leis!”

“Am briathar, a Phádraig,” arsa Diarmuid, “gur dóich liom go bhfuil an ceart agat.”

“Agus dar nóin tá a fhios ag an saoghal, a Dhiarmuid,” arsa Pádraig, “go raghair-se síos go dtí an chathair chun cómhnuighthe sa tigh mór i dteannta Shadhbh