Page:Seadna.djvu/207

This page has been validated.
203
SÉADNA

lasrach é nuair a suaithtí é fé ’n ngréin. An fúnsa óir úd a bhí ar cheann Shíogaidhe nuair a bhí an ghruaig liath air, bhí sé ar a ceann aici ag coimeád a gruaige.

Bhí Cormac ansúd le n-a h-ais sa chóisde ’na shuidhe. Ní raibh aon órnáidí air, ámhthach, ach mar a bhí sé riamh. B’ é an báille céadna é. Bhí an pus mórchúiseach céadna air, agus na pluic, agus an muineál ramhar, agus an chneadach, díreach fé mar a bhí air an lá úd a tháinig sé ag éileamh na sealbha ar an mbaintrigh. Má bhí aon athrughadh ann, sa chneadach iseadh a bhí an t-athrughadh. Bhí sí sin air níos géire ’ná mar ba ghnáth leis.

Do stad an cóiste ar aghaidh tíghe Dhiarmuda Léith amach. Bhí Diarmuid ’na sheasamh idir dhá lígh an doruis agus a ghuala leis an ursain aige. Do léim Sadhbh amach as an gcóisde agus siúd chuige anonn í.

“Ó!” ar sise, “airiú cad d’imthigh ort ó shin!” ag cur a dhá láimh tímpal a mhuiníl agus ag tabhairt cúpla póg dó. “Airiú, a dhaid,” ar sise, “ní’l spide fí ort! Cad d’imthigh ort i n-aon chor!”

“Tháinig taom beag slaodáin orm, a ghamhain,” ar seisean, “agus is dóich liom go ndeighidh sé i n-achran ionam níos mó ’ná mar a cheapas a raghadh sé.”

“Taom beag slaodáin!” ar sise. “Tháinig droch bhreóiteacht éigin ort, agus mura mbéadh go dtáinig ní bhéadh an driuch san ort. Feuch!” ar sise, “tá an t-éadach ’na mhálaíbh tímpal ort! Cad d’imthigh aír, a Phails?” ar sise leis an seana mhnaoi.

“Tá sé tar éis éagcruais a chur dé, slán beó mar a n-innstear é!” arsa Pails, go righin.

“Éagcruas!” arsa Sadhbh, “go saoraidh Dia na glóire sinn! Airiú cad é mar shaghas duine thú, nó cad é an donas a bhí ag gabháil duit agus a rádh gur imthighis agus gur chuiris an bhreóiteacht san ort féin