Page:Seadna.djvu/208

This page has been validated.
204
SÉADNA

gan ghádh gan riachtanas! Is éachtach an obair a rádh ná féadfadh duine imtheacht ó’n mbaile ar feadh beagán aimsire agus tú fhágáil i bhfeighil na h-áite gan tú dhul ag cur éagcruais ort féin le d’ chuid buartha agus díth céille. Feuch an driuch atá anois ort!” Agus leis sin do chrom sí ar ghol.

Bhuail Cormac isteach ’na diaidh.

“Dar fiadh, a Dhiarmuid,” ar seisean, “ach do chuais as go maith. Chuais as go dian mhaith, deirim leat é. Ní raibh aon droich iontaoibh agam asat ’ná aon droch amhras agam ort, ach ’na thaobh san a’s uile níor mheasas go dtiocfá uaidh chómh maith. Ní foláir nó tá an croídhe go foláin agus go láidir agat agus a rádh go bhfuilir chómh curanta tar éis ar chuiris díot.”

“Ní fheadaraís a leath, a Chormaic,” arsa Diarmuid. “Do bhuail bean chúgam isteach anso tá suim laetheanta ó shin ann, agus ní fheacaís riamh ach an phreab a bhain sí asam. Níor baineadh a leithéid de gheit asam ó’n lá a rugadh mé, agus oídhche an aonaigh féin a chur leis. Is beag ’ná go ndúbhairt sí suas le m’ béal gur marbhuigheadh Sadhbh ar an mbóthar, lastuaidh i mball éigin, agus go bhfeacaidh sí marbh í. Mura mbéadh gur tháinig an sagart isteach agus gur áitimh sé orm ná raibh aon bhrígh le n-a caint is dócha go n-éireóch’ mo chroídhe orm.”

“Ach cé r’ bh’ í féin, ámhthach?” arsa Cormac.

“Go deimhin ní fheadar cé r’ bh’ í féin. Ní fheaca riamh roimhe sin am’ shúilibh cinn í, agus geallaim dhuit ná fuil aon lorg agam ar í fheiscint airís,” arsa Diarmuid. “B’ í an bhean í dob’ éagsamhlaíghe d’ar bhuail riamh umam.”

“Cad é an saghas í?” arsa Cormac.

“Droch shaghas. Geallaim dhuit é,” arsa Diarmuid.