Page:Seadna.djvu/211

This page has been validated.
207
SÉADNA

agus do leanas rian na fola tríd an gcoill soir ó thuaidh, agus soir ó thuaidh airís tríd an bpáirc a bhí lastuaidh de’n choill, go dtí go dtánag go dtí tigh beag, botháinín suarach, a bhí sa chúinne thoir thuaidh de’n pháirc. Bhí an fhuil ansúd ar an dtalamh isteach go dorus an tíghe bhig. Chuireas mo lámh ar an laiste. Do bhog an chómhla rómham isteach. Chuas isteach. Chonac bean ’na suíghe ar shuíghistín ar aghaidh na teine amach agus í ’ghá suathadh féin anonn ’s anall mar a bhéadh bean a bhéadh ag déanamh buartha, agus í ag gol go fuígheach, fé n-a h-anáil.

‘Bail ó Dhia anso isteach!’ arsa mise. Phreab sí ’na suíghe agus thug sí a h-aghaidh orm. Bhí a ceann fillte i n-éadach aici ach súil léi agus bhí an tsúil nach mór dúnta le h-at. Chaith sí í féin ar a dhá glúin. ‘Cumaraí mh’ anama ort Chormaic!’ ar sise. ‘Ná tabhair suas do’n dlígh mé an turus so. Tá mo mháthair agam ansan thíos,’ ar sise, ‘gan mheabhair gan chiall, gan siúbhal gan rian, gan aithne gan urlabhra, le dhá bhliaghain agus chúig seachtmhaine an tSathrainn seo chúgainn. Má beirtear uaithi anois mé gheabhaidh sí bás do’n ghorta! Ní bhéidh duine aici a thabharfaidh sagart ná bráthair chuici, ná shínfidh deoch chúici! Iaraim i n-achainígheachaibh ort, as ucht Íosa Críosd na bhFlathas, agus as ucht na Maighdine Muire agus le h-anaman do mháthar féin, gan mé bhreith ó’n aindeiseóir sin thíos!’

“Níor bh’ aon leas-ainim aindeiseóir a thabhairt ar an seana mhnaoi, agus níor mhisde a rádh ’ná gur bh’ aindeiseóir eile an bhean óg, agus an cor a bhí uirthi tar éis an bhárthain a ghaibh í. Do thugas m’aghaidh ar an ndorus agus dúbhart mar seo:— ‘Bhíos ag teacht abhaile ó Chorcaigh aréir,’ arsa mise, ‘agus tháinig bean éigin isteach sa trucail chúgam, ’ghá leigint uirthi gur