Page:Seadna.djvu/212

This page has been validated.
208
SÉADNA

sprid í, go saoraidh Dia sinn! Chuir sí a lámh isteach am’ brollach. Cheap sí mo chuid airgid do bhreith uaim, ach níor éirigh léi. Ní fheadar cad é an gnó a bhéadh ag sprid d’ór ’ná d’airgead. Do luígheas greim ar an láimh. Ba ghreannmhar an sprid í agus lámh fola agus feóla uirthi! Cheapas greim a choimheád uirthi agus í bhreith liom abhaile chun go mbéadh a fhios agam cad é an saghas an sprid. Ach bhí sí ró thapaidh dom. Do shnap sí uaim an lámh agus do léim sí as an dtrucail amach. Do ghluais an roth ar a ceann. Ní raibh leigheas agam-sa air sin. B’ é leamhnughadh Dé, moladh go deó leis! nár marbhuigheadh láithreach í. Ach is dóich liom gur chuir an méid sin a dóithin de phionós uirthi an turus so. Ní fheadar cé h-í ’na cé ’ro díobh í,’ arsa mise, ‘ach má airighim an cleas san ’na diaigh airís nó má gheibhim radharc mo shúl uirthi amuich ’ná i mbaile, tabharfad suas do’n dlígh í,’ arsa mise,— agus chuireas an dorus amach díom. Is dócha nár chuireadh riamh i ndiaigh aon Chríosdaidhe oiread beannachtaí beannuighthe agus a cuireadh am’ dhiaigh-se an mhaidion shamhraidh sin, agus mé ag gabháil an pháirc ó dheas ó’n dtigh bheag san, agus an ghrian ag eiríghe. Ach ‘ní h-é seo é ach é siúd.’ Tá nídh nach é sin anois agam le cur os do chómhair-se, a Dhiarmuid. Táim féin agus Sadhbh anso ’ghá chuimhneamh nár bh’ fhearra dhúinn rud a dhéanfaimís ’ná an chuid eile d’ár saoghal a chaitheamh i dteannta ’chéile. An dóich leat an mbéadh aon locht agat orm mar chleamhain, a Dhiarmuid?”

“Go deimhin agus go dearbhtha, a Chormaic, a mhic ó,” arsa Diarmuid, “is amhlaidh mar atá an sgéal, ní dóich liom go bhféadfaí aon fhear a fhághail i n-Éirinn is fearr a bhéadh ’na cheann di ’ná mar a bhéir-se. Agus isé rud a dúbhairt an sagart féin, an lá a airigheamair an chéad