“Beirtear an bramach amach i lár na páirce,” ar seisean. “Téidheadh duine de’n bheirt éilteóirí seo go dtí taobh de’n pháirc agus an duine eile go dtí an taobh eile. Sgaoiltear ansan de’n bhramach agus glaoidís araon air. Isé mo thuairim go dtiocfidh an bramach ag triall ar an éilteoir dleaghthach.”
Do déineadh mar sin. Chómh luath agus fuair an bramach cead a chinn do ruith sé anonn ag triall ar an bhfear a chothuigh é.
Ba ghearr go raibh na capaill rannta, ach má ’seadh bhí daoine fós ann a bhí in éaghmuis a gcapall féin. Níor fhéad an lucht cuardaigh teacht suas leis na capaillibh go léir. Na daoine a bhí i n-éaghmuis a gcoda bhíodar go dúbhach agus go dobrónach, agus isé a dúbhairt gach aoinne ’ná gur chruaidh an cás é má bhéadh thiar ortha an tarna lá chómh maith agus bhí thiar ortha an chéad lá. Bhí gach aoinne ag déanamh truagha dhóibh, agus bhí gach aoinne ag cur ’s ag cúiteamh féuchaint conus ba cheart an cás ’na rabhdar do thabhairt airís os cómhair an rígh. Do thuig an uile dhuine, dá mbéadh fios an sgéil i gceart ag an rígh, go ndéanfadh sé rud éigin dóibh.
Ansan iseadh a dúbhairt fear cinn riain an airm go raibh órdughadh aige féin ó’n rígh, aoinne ná béadh a chapall ann le tabhairt dó, fiacha an chapaill a thabhairt dó. “Ach,” ar seisean, “conus a déanfar amach fiacha an chapaill agus gan an capall ann!”
Do stad an uile dhuine. Ní fheidir aoinne conus fhéadfaí fiacha an chapaill a dhéanamh amach agus gan an capall ann. Ní bhéadh aon chiall le breitheamhantas an éilteóra do ghlacadh ar fhiacha a chapaill féin. Ní lúgha ’ná bhéadh aon chiall le comhthrom an airgid bhréagaigh do thabhairt, i n-airgead dílis, do gach éilteóir ná raibh a chapall ann le tabhairt dó. Cad a bhí le déanamh? Bhí