Page:Seadna.djvu/220

This page has been validated.
216
SÉADNA

anonn thugadh sé féin agus an sagart tamall mór i bhfochair a chéile.

Gobnait.— Dar ndóin, níor thug sé a rún do’n tsagart.

Peig.— Ní raibh an rún tabhartha aige dhó an lá a bhí sé ag caint leis i dtaobh an chleamhnais úd Mháire Ghearra, agus níor thug sé dhó an lá san é, ach ní fheadar-sa cia ’cu a thug sé dhó ’na dhiaigh san é nó nár thug.

Nóra.— Dar ndó, ní fhéadfadh sé é thabhairt dó.

Cáit.— ’Gcloistí uirthi! Dar ndó, ní’l sé ceangailte ar dhuine rún a choimeád ó shagart.

Peig.— Ní’l sé ceangailte ar dhuine rún a choimeád ó shagart nuair a bhéadh faoisdin aige d’á dhéanamh leis an sagart, ach d’fhéadfadh sé bheith ceangailte air gan an rún a thabhairt dó lasmuich de’n fhaoistin.

Nóra.— Ó, tuigim. Agus nuair a gheabhadh an sagart an rún sa bhfaoisdin bhéadh sé ceangailte ar an sagart féin an rún do choimeád agus gan sgéidh air.

Peig.— Bhéadh go díreach, fé mar atá ceangailte ar an sagart rún na bpeacaí a h-innstear dhó a choimeád.

Ach ar aon chuma bhíodh Séadna thall go minic ag caint leis an sagart agus chaithidís a lán de’n lá i bhfochair a chéile. Chídhtí Séadna go minic ag dul chun Comaoine, agus bhíodh áthas ar na daoine d’á bhárr san, go mór mór toisg ainim an mhí-chreidimh a bheith air i dtusach bára. Ar dtúis chídhtí ag dul chun Comaoine dhá uair sa mbliaghain é, um Cháisg agus um Nodlaig, ansan uair sa rátha, agus i ndeire bára chídhtí ag dul chun Comaoine é gach aon chéad Domhnach de’n mhí.

Bhí sé féin agus an sagart ar pháirc an aonaigh ag caint le chéile tar éis na gcapall a bheith rannta. Tháinig fear cinn riain an airm chúca, ag fágáil slán