Page:Seadna.djvu/223

This page has been validated.
219
SÉADNA

Ach bíodh sé beag nó mór, tá aon nídh amháin deimhnightheach. Má ’s mar chabhair agus mar chongnamh d’á fear a ceapadh an bhean, ní dóich liom go mbeidh an fear eile sin le fághail is mó go mbeidh a bhean ’na cabhair agus ’na congnamh aige ’ná mar a bhéidh sí agat-sa nuair a bhéidh Sadhbh pósta agat.”

“Mhaise, tabh’r ’om do lámh bheannuighthe, a Athair!” arsa Cormac. “Ag magadh nó dáiríríbh duit is maith í do chaint, agus is maith an sás fírinne dh’ innsint thú. Agus cathain a bhéidh sé caothamhail do t’ onóir teacht agus an ceangal a chur orainn?”

“Pé am is fearr a thiocfaidh isteach le d’ chaothamhlacht féin, a Chormaic,” arsa ’n sagart.