Page:Seadna.djvu/228

This page has been validated.
224
SÉADNA

Bhí cuideachta mhór ann agus má bhí féin bhí tuille agus a ndóithin mór bídh agus díghe ann. Dhein Sadhbh agus a h-athair an gnó go neamh-mion, agus go fial agus go fairsing, agus ní baoghal gur tugadh aon fhaillígh i n-aoinne d’á raibh ann. Nuair a bhí an bord leigithe amach ba bhreagh leat feuchaint air. Bórd mór fada leathan dob’ eadh é, ach níor bhórd é, ach dhá bhórd agus iad curtha as a chéile. Thuas ar cheann an bhúird, ar aghaidh an tsagairt amach, bhí píosa mairtfheóla agus bhí sé chómh mór chómh leathan le leath-bhairille. An mhias a bhí fé’n bpíosa feóla san ní raibh aon nídh ba mhó b’ iongnadh leis an dtíncéir mór ’ná conus a choimeádadh sí gan briseadh agus a leithéid sin d’ualach uirthi. Ar an gceann eile de’n bhord, ar aghaidh an tsagairt óig amach, bhí ceathramhadh chaoirfheólach gur ’mó ceathramhadh mhairt ná béadh chómh mór léi. Ar gach taobh de’n bhórd, síos agus suas, bhí an uile shaghas méise agus iad ag brúth ar a chéile agus an uile shaghas feóla ortha, idir bhagún, agus feóil uain, agus laoíghfheoil, agus lachain, agus géana, agus mionáin gabhar, agus giorfhithe, agus cearca fraoígh, agus naosgaigh, agus sicíní cearc.

Ceathrar agus dachad do shuigh chun buird i n-aonfheacht ann an chéad bhabhta. Do chómhairimh Micil iad. Agus fós is amhlaidh a b’éigean do’n chuideachtain uanuigheacht a dhéanamh ar a chéile, bhí an oiread san daoine ar an gcóisre. Fé mar éirigheadh duine shuigheadh duine eile isteach sa n-inead fhágadh sé. Níor bhaoghal, ámhthach, an fear deirineach a bheith díobhálach. Nuair a bhíodar go léir sásta bhí dóithin oiread eile ’na ndiaigh.

D’á mhéid daoine a bhí ar an gcóisre sin an oídhche sin, idir fhearaibh agus mná, idir óg agus aosta, bhí aon smaoineamh amháin acu go léir ’na n-aigne. Bhí an smaoineamh san go glan agus go soiléir ’na n-aigne