acu. D’á fheabhas a bhí an biadh agus an deoch agus d’á mhéid greann agus sult a bhí os cionn an bhídh agus an díghe, agus d’á mhéid caitheamh aimsire agus gleó a bhí ar siúbhal, bhí an smaoineamh san istigh acu go léir, bíodh a’s nár labhair aoinne acu oiread agus smiog amach as a bhéal mar gheall air, le h-aoinne eile acu. B’ é smaoineamh é ’ná a luíghead coinne a bhí ag aoinne d’á raibh láithreach, tar éis na gcleamhnaistí go léir a bhí d’á ndéanamh i gcaitheamh na h-aimsire roimhe sin, agus tar éis na ráflaí go léir a bhí ar siúbhal, i dtaobh Shéadna, agus Mháire Ghearra, agus Nóra an Tóchair, agus Báb an Leasa, gur bh’ é Cormac an Chaincín a bhéadh d’á phósadh acu sa deire! Bhí a n-aigne lán dé, lán dé, lán dé. Ach geallaim dhuit nach baoghal gur leig aoinne amach aon bhlúire dhé.
Is ag cuimhneamh air sin a bhí Micil nuair iar duine éigin sgian air agus thug sé pláta bagúin chuige. Is ag cuimhneamh air a bhí Báb an Leasa nuair a dúbhairt sí “nár bheag léi” agus a pláta sínte amach aici chun tuille feóla d’fhághail. Is ag cuimhneamh air a bhí Nóra an Tóchair nuair fhiafruigh duine éigin di an líonfadh sé glaine fíona chuici agus a dúbhairt sí “Cá bh’ fios dómh-sa san?” i dtreó gur sgeart a raibh láithreach ar gháirídhe. Is dócha gur ag cuimhneamh air a bhí Máire Ghearra féin nuair fhiafruigh sí d’ fhear an bhramaigh “an mór a fuair sé ar a chapall lá an aonaigh.”
Bhí aoinne amháin sa chuideachtain, ámhthach, nár chuimhnigh, olc maith ’ná donaídhe, ar an smaoineamh san i gcaitheamh na h-oídhche. B’ é duine é sin ’ná Cormac féin. Ní raibh aon phioc d’á chuimhneamh aige go raibh a leithéid sin de smaoineamh i n-aigne aon duine a bhí láithreach.
Bhí bacaigh agus lucht siúbhail ón uile thaobh de’n
P