Page:Seadna.djvu/230

This page has been validated.
226
SÉADNA

dúthaigh cruinnighthe amuich ar an mbóthar agus mór-thímpal an tighe, agus nídh nár bh’ iongnadh, b’ fhada gur féadadh feuchaint ’na ndiaigh agus rud le n-ithe agus le n-ól a thabhairt dóibh. Bhí an smaoineamh céadna úd ’na n-aigne acu-san leis. Choimeádadar istigh é go dtí go ndéigh an ríghneas i bhfaid agus gur neartuigh an t-ocras agus tart an fhíona ortha. Ansan do bhris ar an bhfoidhne acu. Chromadar ar an sgéal a chíoradh agus ba mhaith chuige iad. Ar ball, ámhthach, nuair a tháinig an biadh agus an deoch, agus nuair a fuaradar go raibh an biadh agus an deoch go maith agus go buacach agus go bríoghmhar agus go deagh-bhlasta, níor leigeadar ortha gur thráchtadar riamh ar an méid úd— na bitheamhnaigh!

Bhí sé ag druidim amach sa n-oídhche. Bhí a ndóithin ithte agus ólta ag an gcuideachtain istigh agus ag lucht na gcos mbriste agus na cúl-chainte amuich. D’ fheuch an sagart ar Dhiarmuid. D’ fheuch Diarmuid ar Shadhbh. D’ fheuch Sadhbh ar Chormac. D’ fheuch Cormac ’na thímpal. D’ eirigh an chuideachta ’na seasamh. D’ imthigh Sadhbh amach. D’ fhill sí láithreach airís agus an clóca dearg uirthi, agus gur dhóich leat gur choinnle ar lasadh na siogairlíní óir a bhí ar an gcába.

Ansan do chuaidh an lánmha suas i láthair an tsagairt agus do pósadh iad.

Nuair a bhíodar pósta agus beannacht na h-Eaglaise léighte ortha do rug Seághan Ceatach ar phláta ghlan agus chuir sé giní óir ar an bpláta. Chuir Séadna giní ar an bpláta. Chuir Máire Ghearra giní uaithi féin air. Mar sin dóibh sa tímpal. Ní raibh aoinne nár chuir suím éigin airgid air. Nuair a bhí siúbhalta ortha go léir tháinig Cormac agus chuir sé trí ghiní ar an bpláta. Ba mhaith an mhaise ag Sadhbh é, chuir sí trí ghiní uaithi féin air.