Page:Seadna.djvu/231

This page has been validated.
227
SÉADNA

“Am briathar, a Athair,” arsa ’n tíncéir mór, “gur dóich liom gur maith an bhail ar t’onóir nach i mBaile-’bhfad-síos a déineadh an pósadh so.”

“Am briathar, a Phádraig, gur dóich liom féin leis é,” arsa ’n sagart, “agus nach lúgha ’ná is maith an bhail ar a bhfuil anso anocht é. Agus is dóich liom leis gur b’ é is lúgha is gann dúinn go léir, a iaraidh ar Dhia na Glóire, moladh go deó leis! saoghal fada fé shéan a thabhairt do Chormac agus do Shadhbh, agus má’s maith atáid siad anocht i ngrástaibh Dé agus an tsaoghail gura’ seacht fearr a bhéidh siad bliaghain ó ’nocht, agus mura fearr nára’ measa! Sliocht sleachta ar shliocht do shleachta, a Dhiarmuid!”

“Amen, a Thighearna!” arsa ’n chuideachta go léir, airís agus airís eile.

An fhaid a bhí an t-“amen” san ar siúbhal do shleamhnuigh an lánmha pósta amach. Bhí an dá chapall agus an cóiste gabhtha ar aghaidh an doruis amach agus an giolla thuas i n-a inead féin. Chonaic na bacaigh an cóiste agus bhailigheadar ’na thímpal. Nuair a bhí Cormac ag dul isteach sa chóiste chaith sé mám mion-airgid imeasg na mbacach. Ba dhóich leat go mbainfidís na píopáin as a chéile a d’iaraidh teacht ar an airgead. An fhaid a bhíodar ag sgríobáil agus ag brúth agus an únfairt a chéile do ghluais an cóiste. Nuair a fuair na bacaigh ag gluaiseacht é chuireadar liúgh fhiaigh asta. Liúgh árd dob’ eadh í. Liúgh chuthaigh, bhríoghmhar, a chuirfeadh píoparnach ad’ chluasaibh. Ach, ó’n oídhche sin go dtí an oídhche atá anocht ann, níor féadadh a dhéanamh amach i gceart cé ’cu ba liúgh mhagaidh nó liúgh mholta an liúgh.

Ach ba mhar a chéile é. Ba chuma le Sadhbh cé ’cu. Ní fhéadfadh fear an bhramaigh, ná aon fhear eile, ná bean, a rádh feasda gur pósadh í gan spré. Má ba liúgh mhagaidh