Page:Seadna.djvu/232

This page has been validated.
228
SÉADNA

an liúgh níor mhór léi dhóibh bheith ag liúirigh go maidin má b’ aon tsásamh aigne leó é. Má ba liúgh mholta í b’ é sin an moladh i n-aisge. Ní raibh de thoradh aici ar an moladh ach mar a bhí aici ar an ngaoith. I dtaobh Chormaic, níor chuimhnigh sé ar mhagadh ná ar mholadh sa sgéal. Bhí sé mar ba ghnáth leis bheith, lom dáiríríbh. Do ghluais an cóiste an bóthar soir ó thuaidh agus níor fhan a thuille cuimhne ag Sadhbh ná ag Cormac ar mhagadh ná ar mholadh.

Bhí Cormac sásta i n-a aigne. Bhí a fhios aige, as an ngníomh a bhí déanta ag Sadhbh agus as an gcomaoin a bhí curtha aici ar an rígh nár bhaoghal ná go bhfaghadh a fear muíntearthas agus fabhar ó’n rígh. Bhí Sadhbh sásta ’n-a h-aigne. Fé dheire thiar thall ba chuma léi cad iad na cleamhnaistí a brisfí ’ná a slánóchfí. “Fear stuacach dob’ eadh é, ach má b’ eadh féin,” dar léi, “cad a bhí le déanamh ach a shlígh féin a thabhairt dó! Bhéadh an donas air nó shásóch’ san é.” Bhí Diarmuid Liath sásta i n’ aigne. Agus aige féin dob’ fhearr a fhios cad ’na thaobh. Bhí na cómharsain go léir ana shásta ’na n-aigne. Is dócha go raibh a fhios cad ’na thaobh acu-san leis.

Nuair a bhí Sadhbh ag imtheacht thug sí na h-eochracha do Dhiarmuid. Ach má thug ní ró mhór an t-olmhaitheas d’fhág sí fé choimeád na nglas. Ag gabháil amach di ghlaoidh sí i leith taoibh ar mháthair Mhicil.

“Bhéadh sé chómh maith agat-sa fanmhaint anso,” ar sise, “agus aire thabhairt do’n áit seo. D’ fhéadfadh Micil aire thabhairt do’n tsiopa agus an leathar a dhíol. Tá an duine bocht so ró aosda. Pé uair is toil le Dia glaodhach air chun siúbhail ní bheidh aoinne chun teacht idir thú agus seilbh an tíghe seo. Tá a fhios agam nach baoghal go ndéanfair éagcóir ar m’athair. Pé faid a mhairfidh sé coimeádfad-sa suas é. Pé airgead a