dhéanfaidh díol an leathair bíodh sé agat féin agus ag Micil. An nglacfair an áit?”
“Dhe, glacfad dar nóin,” arsa ’n bhaintreach. “Seadh, a’ nglacfad! Andaigh is greannmhar san dé! Ní h-eadh,” ar sise, “ach tógfad an áit agus déanfad mo thigh beag féin do chur chun mná mo dhriothár. Tá sí ag fágáilt an tíghe ’na bhfuil sí. Agus ansan, dá ráineóch’ go n-oirfeadh dhuit-se an tigh seo d’fhághail thar n-ais féadfad-sa mo thigh féin d’ fhághail thar n-ais ar an gcuma gcéadna.”
“Tá go maith,” arsa Sadhbh. “Sin raint airgid agat a dhéanfaidh an gnó go gcuiread chúgat tuille.”
Ar Mhicil a bhí an iongnadh ar ball nuair a dúbhairt a mháthair leis dul siar agus a chuid éadaigh, agus a cuid éadaigh féin, a thabhairt leis ainiar agus an glas a chur ar an ndorus ’na dhiaigh mar ná béidís ag dul abhaile i n-aon chor.
“Cad ’tá ag eiríghe dhuit, a mháthair?” arsa Micil, “nó cad ’na thaobh ná béimíd ag dul abhaile? Dar ndó, ní h-amhlaidh atá aon éileamh eile ar an áit. Ní fhéadfadh Cormac bheith ag teacht ag éileamh sealbha anois orainn. Measaim go bhfuil a mhalairt de chúram anois air.”
“Ní’l, a mhic ó,” ar sise, “aon éileamh ar an áit, ná aoinne ag teacht ag lorg na sealbha orainn.” Agus d’inis sí dhó an socarughadh a dhéin Sadhbh.
D’fheuch Micil ’na thímpal. “Agus an linn féin an tigh seo feasda?” ar seisean.
“Iseadh, a mhic ó,” ar sise, “ach go gcaithfimíd aire mhaith a thabhairt do Dhiarmuid.”
D’fheuch sé ’na thímpal airís. “Is breagh mór fairsing an tigh é,” ar seisean. “Is beag d’á chuimhneamh a bhí agam go dtiocfainn féin agus mo mháthair chun cómhnuighthe ann! Cad é mar athrughadh sa tsaoghal!”