Page:Seadna.djvu/244

This page has been validated.
240
SÉADNA

agus athrughadh, fé mar a cuireadh ann iad sa n-oídhche dhó nuair a bhítheas ’ghá sheinnt ar an dtaobh thall de’n abhainn, go dtí go raibh sé ar eólus aige de ghlan mheabhair agus nár bhaoghal dó aon chuid de do dhearmhad go deó. Nuair a bhí a aigne sásta aige air d’eirigh sé ’na shuídhe agus tháinig sé amach a’ súil na tein’aoile agus d’fheuch sé ’na thímpal. Bhí an bóthar agus na cladhacha lán de dhaoinibh mór-thímpal na tein’aoile. Bhíodar ag bailiughadh ann an fhaid a bhí an ceól aige d’á sheinnt chun taithíghe dhéanamh de. Fé mar thagadh duine nó beirt do stadaidís ag éisteacht leis an gceól go dtí go raibh an áit lán díobh. Bhí iongnadh agus alltacht ortha, mar bhí a fhios acu go n-airightí an ceól céadna go minic sa n-áit chéadna sa n-oídhche, ach b’shiné an chéad uair riamh a h-airigheadh sa lá é. Nuair a chonacadar Seághan Aerach ag teacht amach a’ súil na tein’aoileach agus nuair a thuigeadar ’na n-aigne gur bh’ é a bhí ag déanamh an cheóil aeraigh, chrothadar a gcinn agus dúbhradar eatartha féin ná ruitheadh leis abhfad gan é bhreith chun siúbhail. Do bheannuigh sé dhóibh agus bheannuigheadar dó, ach níor fhiafruigh aoinne acu dhé cad fé ndeara dhó an ceól san do sheinnt. Bhí sord sgáth acu roimis.

“Tháinig sé abhaile agus níor bh’fhada gur buaileadh breóite é. Níor cheap aoinne go n-eireóch’ sé choídhche ó’n mbreóiteacht san. Dúbhradh gur bh’iad an mhuíntir n-ar sheinn sé an ceól dóibh a bhí ’ghá bhreith leó i dtreó go mbéadh píobaire acu féin chómh maith leis an bpíobaire a bhí ag an muíntir a bhí ar an dtaobh eile de’n abhainn, nó b’ fhéidir níos fhearr. Ach pé sgéal é do theip ortha é bhreith leó an uair sin. Tháinig sé chuige féin d’á n-aimhdheóin agus tá an ceól aige. Agus siné anois agat, fé mar airigheas-sa féin é, conus mar a