Page:Seadna.djvu/247

This page has been validated.
243
SÉADNA

air ná curfadh sé aon bhlúire iongnadh air dá n-iartí air urúdhas a dhéanamh ar leath na paróiste.

Fé mar a bhí an aimsir ag imtheacht bhíodh daoine ’ghá thabhairt fé ndeara go raibh athrughadh ag dul ar mheón agus ar aigne agus ar bheusaibh Shéadna. Thuig an uile dhuine gur duine fé leith riamh é, agus meón fé leith aige agus aigne fé leith. Bhí sé ’n-a luíghe ortha go léir, pé muíntearthas a bhéadh agat leis, ná béadh aon bhreith agat choídhche ar aon eólus dh’fhághail ar an dtaobh istigh d’á aigne. Ach mhothuigh daoine, nó mheasadar gur mhothuigheadar, nár bh’ é an Séadna céadna é, le déanaighe. Níor ghnáth leis puínn cainte dhéanamh riamh, ach le déanaighe is ar éigin a labhradh sé i n-aon chor le h-aoinne. Nuair a labharthaí leis is beag an chaint a baintí as, ach an méid a baintí, ba chaint chiúin réidh í.

Uaireanta chomáineadh sé leis ag obair chómh dian san go mbíodh na sruthana alluis leis. Uaireanta eile d’ fhanadh sé faid gach n-fhaid agus a uille chlé ar a leath-ghlúin aige, a lámh chlé fé n-a ghiall aige, agus é ag feuchaint an dorus amach agus anonn ar an gcnuc, agus gan cor aige d’á chur dé ach mar a bhéadh sé gan anam gan anál. Is minic, nuair a bhíodh sé sa mhachtnamh san go bhfeictí an lámh dheas istigh ’na bhrollach aige, fé mar a bhéadh greim daingean aige ar rud éigin a bhíodh ann i bhfolach aige. Nuair a thagadh sé a’ machtnamh de’n tsórd san do ghluaisigheadh anál as a chliabh agus osna ó n-a chroídhe nár bh’fhearr-de thú bheith ag éisteacht leis. Bhíodh iongnadh a gcroídhe ar na fearaibh, ach ní leigidís aon ní ortha. Is amhlaidh a bhíodh eagla acu roimis. Ní fheadaradar ó thalamh an domhain cad a bhíodh air. Ní bhíodh acu le rádh ach an rud úd a dúbhairt Micil le n-a mháthair an chéad lá a thug sé fé ndeara é, nár bh’fholáir nó bhí buairt mhí-chuíbhsach éigin air. Ach cad í an bhuairt