Page:Seadna.djvu/249

This page has been validated.
245
SÉADNA

sgéil é go mb’ éigean do lucht na cainte eiríghe as mar sgéal. Theip ortha teacht thíos ná thuas air.

Bhí a fhios ag Séadna féin, ámhthach, go dian mhaith, cad a bhí air. Bhí an bhliaghain déanach des na trí bliaghna déag ag imtheacht ar cos-anáirde. Fé mar a bhí sé ag druidim le deire na h‑aimsire bhíodh an fear bocht ag cuimhneamh níos géire agus níos coitchianta ar cad a bhí roimis, go dtí gur bh’ ar éigin a sgaradh an smaoineamh choídhche leis. Bhíodh a leithéid sin de shníomh agus d’ fhásgadh ar a chroídhe agus ar a aigne ó’n síor-mhachtnamh ar an aon smaoineamh amháin sin go samhluigheadh sé uair a’ chloig níos sia ’ná lá, an fhaid a bhíodh an uair a’ chloig ag imtheacht; agus ansan, nuair a bhíodh an uair an chloig imthighthe gur dhóich leis ná raibh dhá neómat inti. Shamhluigheadh sé an lá, an fhaid a bhíodh an lá d’á chaitheamh, níos sia ’ná seachtmhain, agus nuair a bhíodh an lá caithte do mheasadh sé ná bíodh fiú aon uair a’ chloig amháin ann. Shamhluigheadh sé gur shia an oídhche ’ná bliaghain, agus nuair thagadh an mhaidion shamhluigheadh sé ná bíodh aon oídhche i n‑aon chor ann. Ach, idir uair a’ chloig agus neómat agus oídhche agus lá, shamhluigheadh sé gur bh’ amhlaidh a bhídís ag baint an bhóthair d’á chéile, bhí a leithéid sin de choisigheacht fútha ag imtheacht – agus gan idir é agus deire na h‑aimsire ach an méid a bhí gan imtheacht díobh!

Is minic, tar éis dul a chodla dhó, nuair a bhíodh sé sínte ar a leabaidh agus gan aon néal codlata ag teacht air, ach a chroídhe ag cur dé agus a dhá shúil ar dian-leathadh, go n‑éirigheadh sé agus go n‑imthigheadh sé amach agus suas an cnuc, go dtí go mbíodh sé ar an bplásóig chúnlaigh mar ar thug an bhean chos-nochtaithe an tseóid uasal dó. Bhíodh sé ag brath air go mb’ fhéidir go bhfeicfeadh sé ann airís í. Ní fheiceadh, ach ní bhíodh a