lean sé ag feuchaint uirthi. Ní raibh leigheas aige air. Ní fheacaidh sé riamh ’na shúilibh cinn, dar leis, aon aghaidh duine chómh h-áluinn le h-aghaidh na mná san. Dá bhfaghadh sé Éire air ní fhéadfadh sé a shúile a bhogadh dhi. Fé mar a lean sé ag feuchaint uirthi do mhéadaigh ar an áilneacht, agus ar an aoibhneas agus ar an suairceas a bhí ’na h-éadan agus ’na súilibh agus ’na beul, agus í díreach mar a bhéadh sí ag bogadh a béil chun labhartha, agus eisean ag feitheamh go dtiocfadh an focal. Do ghluais an t-aoibhneas san agus an suairceas san isteach tré n-a shúilibh agus siar sa n-inchinn aige agus síos ’na chroídhe agus ’na chliabh, i dtreó gur tháinig a leithéid sin d’áthas air, agus de shásamh aigne, agus de shólás croídhe, gur mhaith leis ná fágfadh sé féin ná ise an áit sin go deó. D’á fhaid agus d’á ghéire fheuch sé is amhlaidh a bhí a h-éadan ag dul i solusmhaire, agus a súile ag dul i n-uaisleacht agus i ngrádhmhaire, agus a beul ag dul i mísleacht agus i séimhe agus i miochaire, agus a h-aghaidh ag taithneamh le breis soluis agus le breis aoibhnis agus le breis suaircis, agus í díreach mar bhéadh sí ag bogadh a béil chun labhartha leis, go dtí gur cheap sé go raibh a chroídhe ag imtheacht as a chliabh amach chuici, le neart áthais agus aoibhnis, agus grádh di.
Fé dheire do labhair sí.
“Táthar chúgat, a Shéadna!” ar sise. “Tá an namhaid nach mór buailte leat,” ar sise. Agus má ba mhór an t-áthas agus an t-aoibhneas bheith ag feuchaint ar a h-aghaidh áluinn uasal, ba mhó ’ná san féin an t-áthas agus an t-aoibhneas bheith ag éisteacht le guth a cainte. Ba chuma le Séadna an domhan cé bhí chuige, ná cá raibh an namhaid, an fhaid a bhí sé ag feuchaint suas uirthi agus ag éisteacht léi, agus a lámh ar a cheann