Page:Seadna.djvu/254

This page has been validated.
250
SÉADNA

aici, agus mar bhara ar gach áthas gur thuig sé i n-a aigne gur le báigh agus le h-ionmhuine agus le grádh dó féin a tháinig sí ag triall air, agus a thaisbeáin sí í féin dó.

“A Shéadna,” ar sise, “táthar chúgat go fíochmhar agus go malluighthe. Tá do namhaid ag teacht chun díoghaltais a dhéanamh ort anois mar gheall ar ar dhéinis d’ olc air le trí bliaghna déag. Asdoídhche amáireach a thiocfaidh sé. Tá raint de dhearmhad air. Is dóich leis gur ar uair an mheadhon-oídhche asdoídhche amáireach a bhéidh an aimsir caithte. Ní bhéidh an aimsir caithte go ceann cheithre h-uaire ’chloig ’na dhiaigh san. B’ é an margadh, fé bhrígh na mionn, an sparán a bheith agat-sa, agus é fhanmhaint agat, trí bliaghna déag slán. An lá úd a chuadhais ar an aonach ag ceannach capaill agus bó bainne do tógadh uait an sparán agus bhí sé as do sheilbh-se ar feadh cheithre h-uaire ’chloig. Mise a thóg uait é. Thógas uait é a gan fhios dó-san. Dá gceannuightheá an bhó nó an capall an uair sin, agus airgead do dhíol as an gceannach, bhí an margadh briste agat agus neart dó a thoil d’imirt ort. Nuair a chonac-sa an fuadar a bhí fút do thógas uait an sparán i dtreó dá gceannuightheá nár bhaoghal go ndíolfá. Is chun leathair a cheannach a fuarais an t-airgead. Tá sé ag faire ort riamh ó shin feuchaint an gceannóchthá aon rud ach leathar air. Níor cheannuighis. Ba mhaith an bhail ort féin nár cheannuighis. Do roinnis a lán de’n airgead ar shlíghtibh eile ach níor ghoill san ar an margadh. Ní fhéadfadh aon mhargadh déirc a chosg. Pé airgead a thugais uait ar son an tSlánuightheóra déirc dob’ eadh é. An t-airgead a chaithis ar aon chuma eile, lasmuich de cheannach an leathair, is as an obair a tháinig sé. Leat féin dob’ eadh é.”