Page:Seadna.djvu/256

This page has been validated.
252
SÉADNA

las an liarthóid suas airís, ar chroídhe a dearnan, díreach mar a las sí an chéad lá, i dtreó gur bh’ ar éigin fhéadadh Séadna feuchaint uirthi, agus nuair fheuchadh go mbíodh smóla beaga gorma os cómhair a shúl, fé mar a bhéadh ag duine d’ fheuchfadh ró dhíreach ar an ngréin.

“Seo,” arsa ’n bhean, “cuir chúgat airís í. Béidh gnó agat di asdoídhche amáireach.” Agus shín sí chuige an tseóid. Chuir seisean chuige airís ’na bhrollach í, mar a raibh sí cheana aige.

D’ osgail sise a lámh chlé. Bhí an sgilling ansúd ar chroídhe a dearnan, an sgilling chéadna a thug sé dhi an chéad lá úd nuair a bhí sé ag dul ag ceannach an leathair.

“Seo,” ar sise. “Cuir chúgat í seo leis.” Thóg sé an sgilling agus chuir sé chuige í.

“Éist go cruinn anois, a Shéadna,” arsa ’n bhean, “leis an méid atá agam le rádh leat. Asdoídhche amáireach, nuair a bhéidh sé ag déanamh ar uair an mheadhon-oídhche, tóg an chathaoir shúgáin agus cuir í díreach sa n-inead ’na raibh sí an lá úd a ceangaladh í, agus cuir an sgilling sin ar an dtalamh, istigh fé lár na cathaoireach, agus clúdaigh í i dtreó ná béidh sí le feisgint. Imthigh féin ansan agus suigh ad’ shuídhchán oibre agus bí ag obair ar do dhícheal. Nuair a thiocfaidh an namhaid ná leig aon nídh ort, ach lean de’n obair. Nuair a déarfaidh sé leat gluaiseacht abair leis fanamhaint go mbeidh an t-am ann. Má thagan leat é chur ’na shuidhe sa chathaoir béidh an lámh-uachtair agat air. Ach an airighean tú leat mé?” ar sise. “Aon rud a déarfaidh sé leat a dhéanamh, ar do bhás ná déin é. Ná déin aon nídh a déarfaidh sé leat a dhéanamh.”

“Bheirim —– a bhuidhchas —– leis an Athair —– Síoruídhe —–” An fhaid a bhí Séadna ag rádh na bhfocal san, agus é ag teip air iad do thabhairt leis, bhí sise