Page:Seadna.djvu/258

This page has been validated.
254
SÉADNA
CAIBIDIOL A TRÍOCHAD.

Nuair a tháinig sé as an gcodla san bhí an ghrian ag taithneamh anoir air agus í éirighthe suas go maith árd agus í go breagh sobháilceach, gan iomad brothail inti. Bhí an spéir gan sgamal agus an talamh gan cheó, agus ba dhóich leat gur chruiceóg bheach a bhí i mball éigin i n-aice na h-áite agus satha ag eiríghe aisti, bhí foghar na mbeach chómh borb, chómh h-aibigh sin, sa bhfraoch mór-thímpal. Bhí radharc ag Séadna ar an ndúthaigh ar feadh fiche míle, soir agus ó-dheas agus siar. B’ shiúd iad shoir Cnoc Ráithín, agus Muisire Beag, agus Muisire Mór, agus Meall na h-Órnan, agus an Muine Fliuch, agus an Doire Liath, agus an Chabarach. B’ shiúd í shoir theas Caraig an Ghiolla, agus shoir theas airís an Sléibhín, i n-aice Mágh Chromtha, agus fiche míle soir uaidh sin, an ceó ós cionn catharach Chorcaighe. B’ shiúd iad, ar a aghaidh ó-dheas díreach, Dún dá Radhairc agus Cill Mhuire agus Mágh Seanaglais, agus críocha Rosa Cairbre, agus éacht de thalamh áluinn ar bruach na faraige. B’ shiúd iad thiar theas Seithe agus Neóin agus an chuid eile acu, mar adúbhairt an file:–

“Uíbh Ráthach gránda na ndragún liath;
Gleann Chártha ná fásan ann arbhar ná biadh;
Na h-árdchnuic ghránda san Dheas-Mhúmhain thiar;
Áiteana d’fhág Pádraig gan beannughadh riamh!”

Nó mar adúbhairt an file eile ’ghá fhreagradh súd:–

“Uíbh Ráthach áluinn na bhfear úr bhfial;
Gleann Chártha ’na bhfásan arbhar a’s biadh;
Na h-árdchnuic bhreaghtha san Dheas-Mhúmhain thiar;
Áiteana d’fhág Pádraig le beannughadh ag Dia!”